Skip to main content

Dearcadh an Scoláire: Punanna Digiteacha um Measúnú Foirmitheach

Achoimre ar an bhFíseán

Déanann scoláirí i Meánscoil Ag Foghlaim Le Chéile Chill Mhantáin cur síos ar an gcaoi ar bhain siad úsáid as an teicneolaíocht chun punanna digiteacha a chruthú chun a Measúnuithe Rangbhunaithe a chríochnú.

Cur Síos

Pléann scoláirí a n-eispéiris ag baint úsáide as Sway agus as PowerPoint chun cuir i láthair Mheasúnú Rangbhunaithe a chruthú a d’uaslódáil siad chuig Teams ag baint úsáide as táb an taisc, agus pléann siad na buntáistí a bhaineann lena gcuid foghlama a dhigitiú. Pléann siad freisin na rudaí dearfacha a bhaineann le bheith in ann taighde a dhéanamh ar a gcuid oibre agus í a uaslódáil in aon áit amháin chomh maith lena gcuid oibre a bheochan chun cuidiú leis an bhfoghlaim amhairc. Baineann siad úsáid as Teams chun a gcuid oibre a eagrú agus é a aimsiú go héasca arís níos déanaí.

Cúrsaí a d’fhéadfadh bheith ina n-ábhair spéise duit

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne le teacht ar chúrsaí bainteach leis an ábhar seo.

Físeáin teagaisc

Taispeánfaidh na físeáin ghearra teagaisc seo a leanas duit conas aipeanna a úsáid atá le feiceáil san fhíseán:

·         Microsoft Teams – Ag Tosú

·         Google Classroom – Tascanna a Shocrú

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora)

●     1.2 Tá an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí riachtanacha ag scoláirí chun iad féin agus a gcaidreamh a thuiscint

Tá dearcadh dearfach ag scoláirí i leith úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha, agus iad feasach ar rioscaí agus srianta a d’fhéadfadh a bheith ann, agus tá an mhuinín agus na scileanna acu chun na tairbhí a bhaint amach.

Is féidir le scoláirí a bhféiniúlacht dhigiteach a chosaint go muiníneach agus a lorg digiteach a bhainistiú.

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

●    2.1 Caighdeán: Tá údar ag scoláirí agus gníomhaíochtaí foghlama fónta ar siúl acu.

Baineann scoláirí leas as teicneolaíochtaí digiteacha le teacht ar eolas agus le hé a mhalartú lena chéile d’fhonn cur lena dtuiscint agus le go mbeidh na huirlisí céanna mar thaca le buneolas a chruthú.

Téigh chuig Pleanáil FD chun breis eolais a fháil faoin na réimsí eile den CFD a chíortar san fhíseán seo, agus mar chabhair duit do chuid foghlama digití féin a phleanáil sa seomra ranga.

, Iar-bhunscoileanna, Content Creation, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework, Punanna Digiteacha, Scéalaíocht Dhigiteach

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.