Skip to main content

Teicneolaíocht Dhigiteach agus Foghlaim Chuimsitheach in ETNS Bhaile an Phaoraigh

Teicneolaíocht Dhigiteach agus Foghlaim Chuimsitheach in ETNS Bhaile an Phaoraigh

Achoimre ar an bhFíseán

Déanann an príomhoide agus na múinteoirí i Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Bhaile an Phaoraigh cur síos ar an gcaoi a gcuireann siad Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim (UDL) i bhfeidhm ina scoil.

Cur Síos

Déanann an príomhoide agus na múinteoirí i Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Bhaile an Phaoraigh cur síos ar Dhearadh Uilíoch don Fhoghlaim ina gcomhthéacs scoile agus ar an gcaoi a n-úsáideann siad é sa seomra ranga chun faisnéis a léiriú. Pléann siad an dóigh a dtéann na leanaí i ngleic leis an eolas sin agus conas a chuireann siad an méid atá foghlamtha acu in iúl. Léiríonn siad an chaoi a n-úsáideann siad téacs-go-teanga agus teanga-go-téacs, rud a ligeann do dhaltaí a bhfuil deacracht acu an t-eolas seo a rochtain an deacracht sin a shárú trí theicneolaíocht. Léiríonn siad úsáid Word Wall chun gníomhaíochtaí idirghníomhacha a chruthú do scoláirí EAL. Taispeántar Google Suite for Education mar spás oibre comhoibríoch inar féidir le múinteoirí agus le daltaí oibriú le chéile. Baineann daltaí i rang a 6 úsáid as Canva mar uirlis léirithe.

Cúrsaí a d’fhéadfadh bheith ina n-ábhair spéise duit

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne le teacht ar chúrsaí bainteach leis an ábhar seo.

Físeáin teagaisc

Taispeánfaidh na físeáin ghearra teagaisc seo a leanas duit conas aipeanna a úsáid atá le feiceáil san fhíseán:

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora)

●     1.1 Caighdeán: Baineann na daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad spreagtha chun foghlama agus bíonn siad ag súil le gnóthú mar fhoghlaimeoirí

Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú le torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.

Baineann daltaí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun fianaise a bhailiú, chun dul chun cinn a thaifeadadh, chun meastóireacht agus machnamh a dhéanamh, agus chun réitigh agus/nó táirgí nua a chruthú.

 

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

●     2.2 Fásann scoláirí mar fhoghlaimeoirí trí idirghníomhaíochtaí agus eispéiris mheasúla atá dúshlánach agus tacúil

Bíonn idirghníomhaíochtaí digiteacha i measc scoláirí agus idir scoláirí agus múinteoirí measúil, dúshlánach, agus tacaíonn siad le folláine na scoláirí go léir.

Baineann scoláirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a chur in iúl go measúil, chun comhoibriú agus chun eolas a chomhchruthú trí rannpháirtíocht ghníomhach i ndioscúrsa poiblí cuí agus i rannpháirtíocht shibhialta.

 

Téigh chuig Pleanáil FD chun breis eolais a fháil faoin na réimsí eile den CFD a chíortar san fhíseán seo, agus mar chabhair duit do chuid foghlama digití féin a phleanáil sa seomra ranga.

, Bunscoileanna, Collaboration, Content Creation, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.