Skip to main content

Gléas AAC a Úsáid chun Tacú le Daltaí Uathacha

Achoimre ar an bhFíseán

Pléann Scoil Bhríde, Cill Bhríde conas a úsáideann siad gléasanna AAC le 4 as na 6 daltaí ina rang speisialta.

Cur Síos

Pléann an múinteoir Sarah Crehan conas a úsáideann sí iPadanna agus gléasanna Mini AAC iPad le dhá aip dhifriúla, TD Snaps agus Grid, chun ‘guth’ a thabhairt do dhaltaí réamhbhriathartha ina rang. Déanann sí cur síos ar an gcaoi a gcuidíonn sé lena dteanga chumarsáide, léiritheach agus ghlactha, agus ligeann sé dóibh a gcuid mianta agus a gcuid riachtanas a chur in iúl. Tugann sí léiriú praiticiúil ar an aip TD Snap ina seomra ranga ina dteagasc agus ina bhfoghlaim laethúil.

Cúrsaí a d’fhéadfadh bheith ina n-ábhair spéise duit

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne le teacht ar chúrsaí bainteach leis an ábhar seo.

 

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora)

1.1 Caighdeán: Baineann na daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad spreagtha chun foghlama agus bíonn siad ag súil le gnóthú mar fhoghlaimeoirí

Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú le torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.

 

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

2.2 Fásann daltaí mar fhoghlaimeoirí trí idirghníomhaíochtaí agus eispéiris mheasúla atá dúshlánach agus tacúil

Bíonn idirghníomhaíochtaí digiteacha i measc daltaí agus idir daltaí agus múinteoirí measúil, dúshlánach, agus tacaíonn siad le folláine na ndaltaí go léir.

Téigh chuig Pleanáil FD chun breis eolais a fháil faoin na réimsí eile den CFD a chíortar san fhíseán seo, agus mar chabhair duit do chuid foghlama digití féin a phleanáil sa seomra ranga.

, Bunscoileanna

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.