Skip to main content

Inniúlacht Dhigiteach na Múinteoirí agus Cúrsaí ar Líne 

6th November 2024

Más múinteoir iar-bhunscoile tú a bhfuil spéis agat in úsáid na teicneolaíochta digití le haghaidh teagaisc agus foghlama, b’fhéidir gur tháinig tú ar na creataí, teimpléid phleanála agus straitéisí éagsúla a bhaineann le hinniúlacht dhigiteach na múinteoirí. Seans gur bhain tú féin úsáid as ceann de na huirlisí féinmhachnaimh, amhail Selfie for Teachers, chun do chuid buanna féin a aithint chomh maith le laigí ar féidir iad a fhorbairt.   

Réimsí den Inniúlacht dhigiteach atá ríthábhachtach do mhúinteoirí

Tá ‘Acmhainní Digiteacha’ agus ‘Measúnú’ i measc na sé ghrúpa d’inniúlachtaí oideoirí a shainaithnítear agus a ndéantar cur síos orthu sa Chreat Eorpach um Inniúlacht Dhigiteach Oideoirí (DigCompEdu). Tá inniúlacht sna réimsí seo ríthábhachtach freisin maidir le dul i ngleic le gné an teagaisc agus na foghlama den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach, go háirithe Fearann 3, a bhaineann le Cleachtas Aonair na Múinteoirí. 

Más spéis leat feabhas a chur ar d’inniúlacht féin sna réimsí seo, cuireann Oide Teicneolaíocht san Oideachas cúrsaí gearra ar líne ar fáil le linn an téarma agus cabhróidh siad leat é seo a bhaint amach. Léigh leat chun sonraí a fháil.

Réimse Inniúlachta: ‘Acmhainní Digiteacha’

Is féidir roinnt inniúlachtaí a fhorbairt laistigh de réimse na n-acmhainní digiteacha, agus is iad seo a leanas cuid acu: 

  • straitéisí cuardaigh éagsúla a úsáid chun acmhainní digiteacha a aithint; 
  • a bheith in ann acmhainní digiteacha atá ann cheana féin a athrú nó a oiriúnú ionas go bhfreastalóidh siad ar do chuid riachtanais shonracha féin; agus a bheith in ann do chuid acmhainní digiteacha féin a chruthú.

Is iad seo a leanas cuid de na cúrsaí ar líne a bhaineann leis an réimse inniúlachta seo:

  1. Físeáin a Úsáid chun Acmhainní a Threisiú agus a Chruthú (Iar-Bhunscoileanna) 
  2. Scéalaíocht Dhigiteach (Iar-Bhunscoileanna) 
  3. Teicneolaíocht Dhigiteach do Mhúinteoirí Nuatheangacha Iasachta (Iar-Bhunscoileanna) 
  4. IS do scoileanna

Réimse Inniúlachta: ‘Measúnú’

Is iad seo a leanas cuid de na hinniúlachtaí atá laistigh de réimse an mheasúnaithe:

  • teicneolaíocht dhigiteach a úsáid mar thacaíocht do straitéisí éagsúla le haghaidh measúnú múnlaitheach agus measúnú suimitheach;
  • fianaise dhigiteach ar ghníomhaíocht na bhfoghlaimeoirí a ghiniúint agus a anailísiú, chun bonn eolais a chur faoin teagasc agus faoin bhfoghlaim; agus 
  • teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun aiseolas spriocdhírithe tráthúil a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí.

Is iad seo a leanas cuid de na cúrsaí ar líne a bhaineann leis an réimse inniúlachta seo:

  1. Aiseolas ar Mheasúnaithe agus Teicneolaíochtaí Digiteacha (Iar-bhunscoileanna).
  2. Seo chugaibh Punanna Digiteacha (Iar-bhunscoileanna) 
  3. Teicneolaíocht Dhigiteach do Mhúinteoirí Nuatheangacha Iasachta (Iar-Bhunscoileanna).

Gach Cúrsa ar Líne

Féach anseo le haghaidh liosta de gach cúrsa ar líne de chuid Oide Teicneolaíocht san Oideachas. Is féidir leat breathnú ar shonraí na gcúrsaí ann agus d’ainm féin a chur síos do do rogha chúrsa. Is cúrsaí féinluais le linn an téarma iad seo agus bíonn siad ar fáil 24/7 i rith na scoilbhliana.

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.