Múinteoirí Nuatheangacha Iasacht Iar-bhunscoile!
13th January 2025

An raibh a fhios agat gur sheolamar cúrsa nua ar Theicneolaíocht Dhigiteach do Mhúinteoirí Nua-Theangacha Iasachta (Iar-Bhunscoil) an fómhar seo caite? Cumhdaíonn an cúrsa ar líne, a mhaireann trí uair an chloig agus atá saor in aisce, an teicneolaíocht dhigiteach le haghaidh scileanna éisteachta, scileanna labhartha, agus an measúnaithe. Faoi réir fhaomhadh lucht bainistíochta na scoile, d’fhéadfaí é a chríochnú mar chuid de do cheanglais maidir le huaireanta Pháirc an Chrócaigh. Forbraíodh an cúrsa i gcomhar le Teangacha Iar-bhunscoile Éireann.