IS a thabhairt isteach sa Seomra Ranga Iar-bhunscoile
Achoimre ar an bhFíseán
Pléann an fhoireann agus daltaí ag Coláiste Déaglán, an Chabrach, comhtháthú uirlisí intleachta saorga (IS) le hoideachas. Tá an bhéim ar úsáid IS atá freagrach a chothú i measc daltaí agus aghaidh a thabhairt ar ról IS atá ag forbairt i dteagasc agus i bhfoghlaim.
Cur Síos
Cuireann múinteoir Shannon Ahern síos ar conas a chuaigh siad i ngleic le tabhairt isteach IS sa scoil agus an fhoireann agus daltaí ag obair le chéile chun foghlaim faoi IS i dteagasc agus i bhfoghlaim. Pléann sí an dóigh a gcomhroinneann an fhoireann eolas le piaraí agus an dóigh a meallann siad daltaí le bheith rannpháirteach i bplé faoi acmhainn IS agus faoina lochtanna d’fhonn na scileanna a thabhairt dóibh IS a úsáid go freagrach ina ngairmeacha amach anseo.
Cuireann na daltaí síos ar thábhacht na smaointeoireachta criticiúla agus seiceála fíricí agus IS á húsáid acu chomh maith leis an dóigh ar féidir IS a úsáid le haghaidh foghlaim shainoiriúnaithe, amhail coincheapa casta a mhiondealú, tobsmaointeoireacht, agus tuiscint a fhorlíonadh.
Cúrsaí a d’fhéadfadh bheith ina n-ábhair spéise duit
- IS do scoileanna
https://www.oidetechnologyineducation.ie/onlinecourses/ai-for-schools/
Seiceáil ár leathanach faoi chúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú atá ábhartha don ábhar seo.
Mol IS i Scoileanna
Tabhair cuairt ar ár Mol IS i Scoileanna chun faisnéis bhreise agus acmhainní a fháil le haghaidh IS a úsáid ar scoil.
https://www.oidetechnologyineducation.ie/artificial-intelligence-in-schools/
An Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora)
- 1. Baineann na daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad spreagtha chun foghlama agus bíonn siad ag súil le gnóthú mar fhoghlaimeoirí
Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha iomchuí chun rannpháirtíocht ghníomhach a chothú chun torthaí foghlama iomchuí a bhaint amach.
Baineann daltaí leas as teicneolaíochtaí digiteacha chun fianaise a bhailiú agus taifead a dhéanamh den dul chun cinn a dhéanann siad.
- 2 Tá an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí atá riachtanach ag daltaí chun iad féin agus a gcaidrimh a thuiscint
Tá dearcadh dearfach ag scoláirí i leith úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha agus tá siad feasach ar rioscaí agus ar lochtanna a d’fhéadfadh a bheith ann.
Tuigeann na dalta na contúirtí agus na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i dtimpeallachtaí digiteacha.
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
- 1 Glacann daltaí páirt ar dhóigh fhóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama fiúntacha.
Baineann daltaí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh faisnéis a fhoinsiú agus a mhalartú d’fhonn cur lena dtuiscint agus chun tacú le cruthú an bhuneolais.
Tabhair cuairt arPleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar réimsí eile CFD atá tacaithe san fhíseán seo, agus chun cuidiú leat pleanáil a dhéanamh don fhoghlaim dhigiteach i do rang.