Imeacht Náisiúnta an Chláir um Sheaimpín na Saoránachta Digití
13th March 2025

Ar an 3 Aibreán, reáchtálfaidh Oide agus Webwise Imeacht Náisiúnta an Chláir um Sheaimpín na Saoránachta Digití. Mar chuid den imeacht seo, tiocfaidh príomhcheannairí agus saineolaithe oideachais le chéile chun tacú le tionscnaimh um shaoránacht dhigiteach agus chun na tionscnaimh sin a chur chun cinn. Trí pháirt a ghlacadh i seisiúin chomhoibríocha agus i gcomhphlé, déanfaidh rannpháirtithe iniúchadh ar threochtaí atá ag teacht chun cinn agus déanfaidh siad athbhreithniú ar acmhainní luachmhara le cuidiú chun todhchaí an oideachais um shaoránacht dhigiteach a mhúnlú.