An Fhoghlaim Dhigiteach a Stiúradh
13th March 2025

Bhainfeadh ceannairí agus múinteoirí iar-bhunscoile agus bunscoile a bhfuil ról ceannaireachta acu, nó a bhfuil suim acu ról mar sin a ghlacadh, tairbhe as ár gcúrsa ar líne ar an bhfoghlaim dhigiteach a stiúradh, cúrsa a reáchtáiltear le linn an téarma agus a mhaireann ceithre uair an chloig. Foghlaim ar do luas féin agus de réir do riachtanas féin, cibé acu is mian leat tabhairt faoi mhodúl amháin nó faoin gcúig cinn.