Comórtas Scannánaíochta FÍS: Catagóir Nua
10th April 2025

Tá áthas ar Fhoireann FÍS catagóir úrnua a fhógairt do chomórtas na bliana seo i gcomhar le Met Éireann, dar teideal Aimsir, Aeráid, agus Ár dTodhchaí. Bliain speisialta a bheidh ann in 2026, toisc go ndéanfar ceiliúradh ar FÍS agus é 20 bliain ar an bhfód, agus gur 90 bliain a bheidh ann ó bunaíodh Met Éireann freisin. Más mian leat go mbeidh do rang nó do scoil rannpháirteach in imeachtaí FÍS i mbliana, tabhair cuairt ar an nasc thíos.