Uirlis um Athbhreithniú ar Shábháilteacht ar Líne
10th April 2025

Ar mhaith leat cabhrú le do scoil bearta indéanta a chur i bhfeidhm leis an gcur chuige foriomlán i leith na Sábháilteachta ar Líne a fheabhsú? Le hUirlis um Athbhreithniú ar Shábháilteacht ar Líne Webwise, cabhraítear le scoileanna measúnú a dhéanamh ar a bpolasaí agus a gcleachtais maidir le Sábháilteacht ar Líne agus iad a fheabhsú. Leagtar amach inti na príomhchéimeanna chun bearta um shábháilteacht ar líne a mheas agus a fheabhsú, rud a ligeann do scoileanna machnamh a dhéanamh ar láidreachtaí, aghaidh a thabhairt ar bhearnaí, agus rochtain a fháil ar acmhainní agus ar threoir saor in aisce.