Forléargas
Le Oide Teicneolaíocht san Oideachas cuirtear comhtháthú TFC sa teagasc agus san fhoghlaim chun cinn i scoileanna ag an gcéad agus ag an dara leibhéal agus tacaíonn sé leo. Tá sé ina chuid den tseirbhís náisiúnta tacaíochta, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, a fheidhmíonn faoi choimirce na Roinne Oideachais agus Scileanna. Ba é an Lárionad Náisiúnta do Theicneolaíocht san Oideachas (NCTE) a bhí freagrach as feidhmeanna Oide Teicneolaíocht san Oideachas roimhe seo. Comhtháthaíodh an NCTE sa SFGM i mí an Mheithimh 2012.
Tagann dhá phríomhfheidhm Oide Teicneolaíocht san Oideachas faoi na réimsí seo a leanas:
- Comhairle a sholáthar agus moltaí beartais a fhorbairt don Roinn Oideachais maidir le saincheisteanna i ndáil le forbairt agus úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha i gcóras oideachais na hÉireann
- Comhairle agus tacaíocht ábhartha agus cothrom le dáta faoin Teicneolaíocht Dhigiteacha a sholáthar do scoileanna ar raon réimsí a bhaineann leis an teicneolaíocht chun cuidiú le bonneagar teicneolaíochta digití ardchaighdeáin a bhaint amach chun tacú leis an bhfoghlaim agus leis an teagasc.
- Clár Leathanbhanda na Scoileanna do gach bunscoil agus iar-bhunscoil a chomhordú, agus an Deasc Seirbhíse Leathanbhanda a bhainistiú mar phointe teagmhála aonair do scoileanna chun tacú le seachadadh ábhair agus acmhainní foghlama ar líne
- Clár cuimsitheach le aghaidh forbairt ghairmiúil leanúnach in úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile a dhearadh agus a chur chun feidhme
- Tairseach an tsuímh gréasáin oideachais Scoilnet a fhorbairt agus a chothabháil, rud a chuirfear rochtain ar fáil ar bhreis is 23,000 acmhainn atá athbhreithnithe ag múinteoirí
- Úsáid neamhspleách, éifeachtach agus níos sábháilte as an idirlíon ag daoine óga a chur chun cinn trí straitéis faisnéise agus feasachta mharthanach ó Webwise ina ndírítear ar thuismitheoirí, ar mhúinteoirí agus ar pháistí.
- Acmhainní ábhair dhigitigh a fhorbairt agus rochtain ar uirlisí ábhair dhigitigh a bhaineann le curaclam na hÉireann a sholáthar
- Faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí oideachais eile maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha chun críocha oideachais
- Taighde a dhéanamh ar an dea-chleachtas in úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha san oideachas
Tá na hoifigí lonnaithe i gcampas Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i nGlas Naíon.
Seoladh: | Oide Teicneolaíocht san Oideachas, INVENT, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9 |
Guthán: | 01 7008200 |
Facs: | 01 7008210 |
Ríomhphost: | technologyineducation@oide.ie |
Saorghlao Dheasc Seirbhíse Leathanbhanda na Scoileanna: | 1800 334466 |
Ríomhphost Dheasc Seirbhíse Leathanbhanda na Scoileanna: | broadbandservicedesk@oide.ie |