Tionscadal REBEL
Tionscadal é atá maoinithe ag Erasmus+ ar fud ceithre thír Eorpacha is ea ‘Athearraíocht a Bhain as an Oideachas tríd an bhFoghlaim Chumaisc’ (REBEL) a bhfuil sé mar aidhm leis cumas na n-institiúidí oideachais agus oiliúna a neartú chun foghlaim chumaisc dhigiteach chuimsitheach ar ardchaighdeán a sholáthar. Is iad seo a leanas príomhthorthaí an tionscadail seo:
- Sonraí a bhailiú ó scoileanna cás-staidéir i ngach tír chun tuiscint ar an bhfoghlaim chumaisc agus riachtanais bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna agus múinteoirí a shoiléiriú.
- Clár oiliúna do chleachtóirí a fhorbairt a bheidh dírithe ar fhoghlaim chumaisc éifeachtach sa chleachtas.
- Uirlisí saincheaptha a chruthú – Foireann Uirlisí REBEL do Bhunscoileanna agus Foireann Uirlisí REBEL d’Iar-bhhunscoileanna – chun clár oiliúna do chleachtóirí a fhorbairt a bheidh dírithe ar fhoghlaim chumaisc éifeachtach sa chleachtas.
- Ollchúrsa Oscailte ar Líne (MOOC) a tháirgeadh chun príomhthorthaí agus dea-chleachtas an tionscadail a scaipeadh.
Chun amharc ar na comhpháirtithe oideachais lena mbaineann agus chun súil a choinneáil ar fhorbairtí an tionscadail seo, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an tionscadail atá ar fáil ag www.rebelproject.eu