EU Folio – Uirlisí ar líne in úsáid don Bhéarla, Coláiste Pobail Átha Luain
Forbhreathnú ar Fhíseán
Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC sa Bhéarla. Míníonn sí go mbíonn difreáil ann agus TFC in úsáid, agus gur féidir freastal ar gach cineál foghlaimeora. Tarraingíonn sí aird ar an tábhacht a bhaineann le TFC a úsáid mar uirlis bhreise agus nach mbeadh an bhéim ar fad uirthi sa rang. She uses Animoto, Voki, Prezi and Fakebook.
Cur Síos
Pléann an múinteoir na buntáistí a bhaineann le teicneolaíocht a úsáid ina seomra ranga agus an chaoi nach gá dúinn a bheith ag brath uirthi. Úsáideann an múinteoir Animoto sa seomra ranga chun ligean do dhaltaí físeáin a dhéanamh faoi úrscéal nó faoi charachtair in úrscéal. Úsáideann na daltaí Voki chun abhatáranna de charachtair as leabhair a dhéanamh. Cuireann sé ar chumas na ndaltaí a gcuid earráidí gramadaí a aithint agus athfhriotail a fhoghlaim ag an am céanna. Úsáideann na daltaí Prezi chun scéalta a insint trí chuir i láthair. Úsáideann na daltaí Fakebook freisin ina ndéanann siad próifíl do charachtar in úrscéal.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Introducing Digital Portfolios (Post Primary)
Físeáin Teagaisc
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)
- 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche
- 2.4 Faigheann daltaí taithí ar dheiseanna chun na scileanna agus na meonta atá riachtanach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt
Bíonn deiseanna ag daltaí a n-inniúlacht dhigiteach a úsáid i gcásanna nó i gcomhthéacsanna nua agus bíonn tuiscint atá oiriúnach dá n-aois acu ar conas is féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach cabhrú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.