TFC in úsáid le tacú leis an bhfoghlaim ghníomhach sa Tíreolaíocht
Forbhreathnú ar Fhíseán
Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as fóin shoghluaiste agus táibléid ina cuid ranganna Tíreolaíochta. Baineann sí úsáid as réimse leathan feidhmchlár le tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim. Cuireann sí réimse leathan acmhainní difreáilte ar fáil dá cuid daltaí a bhfuil fáil orthu lasmuigh den rang. Freastalaíonn an úsáid a bhaintear as TFC ar gach cineál foghlaimeora.
Cur Síos
Míníonn an múinteoir tíreolaíochta úsáid Kahoot, Padlet agus ThinkLink sa seomra ranga ag baint úsáid as réimse gléasanna. Tá cead ag daltaí gléasanna pearsanta a úsáid sa rang chomh maith le iPadanna scoile. Úsáidtear Kahoot chun an ceacht a thabhairt isteach. Tugann na daltaí faoi thráth na gceist chun eolas a bhí acu roimhe seo ar an topaic a spreagadh. Thaifead na daltaí a chéile ag freagairt ceisteanna athbhreithnithe ansin mar mhodh chun piarmheasúnú agus féinmheasúnú a dhéanamh. Baineadh úsáid as Padlet ag deireadh an cheachta ansin chun a raibh foghlamtha ag na daltaí a léiriú. Uaslódálann an múinteoir acmhainní chuig an suíomh gréasáin agus sannann sé obair ThinkLink don obair bhaile.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)
- 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.
Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)
- 3.2 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cleachtas pleanála, ullmhúcháin agus measúnaithe a dhéanann forbairt ar fhoghlaim na ndaltaí
Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun gníomhaíochtaí foghlama a dhearadh lena n-éascaítear an fhoghlaim phearsantaithe agus an fhoghlaim idirdhealaitheach.
Baineann múinteoirí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun fadhbanna casta ón saol mar atá a dhearadh agus chun iad sin a struchtúrú ar bhealach ina gcuimsítear príomhchoincheapa an ábhair.
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.