Skip to main content

TFC sa Seomra Ranga TIC – Ábhar a chruthú ag baint úsáid as taifeadóirí digiteacha

TFC sa Seomra Ranga TIC – Ábhar a chruthú ag baint úsáid as taifeadóirí digiteacha

Forbhreathnú ar Fhíseán

Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC ina sheomra ranga Gearmáinise le feabhas a chur ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim. Baineann an rang úsáid as micreafóin USB le taifeadadh a dhéanamh orthu féin agus iad i mbun comhrá lena chéile agus éisteann siad siar leo mar phiarmheasúnú. Cruthaíonn siad scéal leis an bhfuaim ansin ar ríomhairí agus cuireann siad i láthair os comhair an ranga é.

Cur Síos

Múinteoir Gearmáinise ag caint faoin úsáid a bhaineann siad as micreafóin USB lena ranganna céad bhliana agus ranganna na hIdirbhliana. Plean lucht na chéad bhliana an méid atá siad a dul a rá faoina dteaghlach agus tarraingíonn siad pictiúr. Déanann siad iad féin a thaifeadadh ansin ag caint faoina dteaghlach i nGearmáinis agus oibríonn siad i mbeirteanna agus a gcuid taifeadtaí á measúnú. Uaslódáil siad a gcuid fuaime agus a gcuid pictiúr ar an ríomhaire agus cruthaíonn leabhar. Úsáideann an múinteoir na leabhair don tuiscint níos déanaí sa bhliain. Tugann daltaí na hIdirbhliana faoin ngníomhaíocht chéanna ach le ceisteanna ó Scrúdú Cainte na hArdteistiméireachta. Oibríonn na daltaí i mbeirteanna agus déanann piaraí measúnú ar a stór focal agus ar a bhfoghraíocht.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Físeáin Digiteacha

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.