TFC sa Seomra Ranga TIC iar-bhunscoile – Uirlisí Ullmhúcháin á nÚsáid
Forbhreathnú ar Fhíseán
Pléann Múinteoir an tábhacht a bhaineann le scileanna léirithe agus conas mar a dhéanann sí iad a shníomh isteach ina cuid ranganna teanga. Ligtear don rang bogearraí léirithe éagsúla a roghnú – Prezi, PowerPoint, Movie Maker. Míníonn sí conas mar a chuireann TFC sna scoileanna an fhoghlaim in oiriúint do na daltaí agus conas mar a chabhraíonn sí leo aird a dhíriú.
Cur Síos
Úsáideann an múinteoir físeán agus cuir i láthair chun Fraincis a mhúineadh. Déanann daltaí an dara bliain físeáin nó cuir i láthair ar thíortha ina labhraítear Fraincis. Cuireann siad a gcuid torthaí i láthair an ranga agus faigheann siad aiseolas óna bpiaraí. Comhlánaíonn na daltaí bileog athbhreithnithe ar an gcur i láthair agus grádaíonn siad an obair. Úsáideann na daltaí PowerPoint, Prezi nó Movie Maker. Míníonn na daltaí an fáth a bhfuil dúil acu sna huirlisí seo a úsáid agus conas a bhraitheann siad go bhfuil siad tairbheach. Míníonn an múinteoir na buntáistí a bhaineann leis na huirlisí seo a úsáid agus an tábhacht a bhaineann leis an bhfoghlaim a dhéanamh ábhartha don 21ú hAois.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Using Video to Enhance and Create Resources (Post Primary)
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)
- 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
- 1.3 Léiríonn daltaí an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint atá riachtanach de réir churaclam na bunscoile.
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.