Skip to main content

TFC i gColáiste Bríde

Forbhreathnú ar Fhíseán

Agallamh le Comhordaitheoir TFC agus le Príomhoide faoin bhfás digiteach sna scoileanna acu. Tá 4 shaotharlann ríomhaireachta agus foireann ríomhfhoghlama ag an scoil. Déanann an fhoireann ríomhfhoghlama tástáil ar acmhainní agus ar mhodheolaíochtaí nua sula gcuirtear ar fáil don fhoireann ar fad iad. Cuireann an bhainistíocht FGL chun cinn agus spreagann siad é. Pléann siad an cianteagasc agus an tairbhe a bhíonn le baint ag na daltaí ar fad as an teicneolaíocht.

Cur Síos

Labhraíonn comhordaitheoir TFC ó iar-bhunscoil chailíní faoin gcaoi a n-úsáidtear an teicneolaíocht. Tá éagsúlacht mhaith gléasanna ag an scoil – teilgeoirí, amharcléiritheoirí, ceamaraí, cláir bhána idirghníomhacha agus 4 shaotharlann ríomhaire. Baineann an fhoireann ríomhfhoghlama, ar a bhfuil baill foirne, triail as gléasanna agus smaointe nua sula dtugtar isteach don chuid eile den fhoireann iad. Spreagtar an fhoireann dul i mbun Forbartha Gairmiúla Leanúnaí maidir le teicneolaíocht agus chun a bhfuil foghlamtha acu a roinnt leis an gcuid eile dá bhfoireann ag cruinnithe foirne agus ag TeachMeets. Craolann múinteoir matamaitice a rang chuig scoil eile chun deis a thabhairt do dhaltaí mata ardleibhéil a dhéanamh.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Developing a Digital Learning Plan for your School – Short Version

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.