TFC sa Seomra Ranga TIC – Leideanna do Mhúinteoirí
Forbhreathnú ar Fhíseán
Agallamh le Múinteoirí faoin tionchar a bhí ag TFC ar a gcuid teagaisc. Tugann siad comhairle maidir le tús a chur leis an aistear TFC agat sa seomra ranga – Ná bí buartha, tosaigh leis de réir a chéile, bí ar do chompord leis sula gcuireann tú tús leis sa rang, lean ort, foghlaim ó na daltaí.
Cur Síos
Roinneann na múinteoirí teanga a leideanna is fearr maidir leis an gcaoi chun teicneolaíocht a chur in iúl. Na Leideanna is Fearr: Ná déan aon imní, tosaigh amach go simplí, bíodh roinnt gníomhaíochtaí éagsúla réidh agat ar fhaitíos na bhfaitíos, déan na gníomhaíochtaí diaidh ar ndiaidh agus coinnigh ort.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Developing a Digital Learning Plan for your School – Short Version
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch Múinteoirí)
- 4.1 Bíonn meas ag múinteoirí ar an bhforbairt ghairmiúil agus ar an gcomhoibriú gairmiúil, agus bíonn siad rannpháirteach iontu sin
Bíonn múinteoirí ag gabháil don fhorbairt ghairmiúil agus oibríonn siad lena gcomhghleacaithe chun cabhrú leo teicneolaíochtaí digiteacha a roghnú agus a ailíniú le straitéisí éifeachtacha teagaisc chun deiseanna foghlama a leathnú le haghaidh na ndaltaí ar fad.
Déanann múinteoirí measúnú, plé agus machnamh lena gcomhghleacaithe ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha le bheith nuálach sa chleachtas oideachais agus le feabhas a chur air.
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.