Skip to main content

Úsáid á baint as Edmodo: Dea-chleachtas Living Schools Lab

Forbhreathnú ar Fhíseán

Agallamh le Múinteoirí mar gheall ar Living Schools Lab agus an tacaíocht atá curtha ar fáil aige do scoileanna agus an úsáid a bhaineann siad as TFC á roinnt acu. Spreagann sé scoileanna le tacú le scoileanna eile agus TFC á cur i bhfeidhm agus á tabhairt isteach acu trí chruinnithe skype, seimineáir ghréasáin. Tá sé tar éis múinteoirí eile a spreagadh leis an teicneolaíocht a úsáid ina gcuid oideachais ós rud é go bhfuil córas tacaíochta i bhfeidhm acu.

Cur Síos

Míníonn na scoileanna an chaoi a raibh Living Schools Lab ina chabhair orthu úsáid a bhaint as TFC ina scoileanna. Míníonn na múinteoirí an chaoi a raibh an cleachtas roinnte seo leis na scoileanna eile ina chabhair orthu cláir éagsúla a shocrú. Úsáideann na scoileanna Edmodo agus cuireann siad seimineáir ghréasáin ar siúl, chomh maith le glaonna Skype agus cuireann siad ríomhphoist chuig a chéile chun feabhas a chur ar an bpróiseas socraithe. Feidhmíonn na scoileanna mar mheantóirí do na múinteoirí eile. Úsáideann siad cur chuige ina bhfuil céimeanna beaga chun TFC a chur in iúl agus chun cabhair a thabhairt do na múinteoirí éirí as TCF a úsáid i gcomhair múinteoireachta agus TFC a úsáid i gcomhair foghlama.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Developing a Digital Learning Plan for your School – Short Version

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch Múinteoirí)

  • 4.2 Bíonn múinteoirí ag obair le chéile chun deiseanna foghlama a cheapadh do dhaltaí ar fud an churaclaim agus thairis sin

Bíonn múinteoirí páirteach i bpobail ghairmiúla ar líne chun cabhrú leo deiseanna foghlama a dhearadh do dhaltaí ar fud an churaclaim agus thairis sin.

Úsáideann múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha chun comhoibriú le gníomhaireachtaí seachtracha agus le pearsanra seachtrach d’fhonn eispéiris foghlama bhríocha a éascú do na daltaí.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.