TFC a úsáid le tacú le hábhar a chruthú san Eolaíocht
Forbhreathnú ar Fhíseán
Míníonn Múinteoir Eolaíochta na hacmhainní TFC a bhíonn in úsáid aige ina sheomra ranga. Baineann sé úsáid as feidhmchlár, Aurasma, chun RB a shníomh isteach in obair fhisiciúil na ndaltaí. Cruthaíonn siad físeáin agus póstaeir agus déanann siad nótaí lámhscríofa díobh trí shiombail a tharraingt. Déanann siad an tsiombail a scanadh ansin lena ngutháin chun an acmhainn a thaispeáint.
Cur Síos
Míníonn múinteoir eolaíochta an chaoi a n-úsáideann siad TFC ina seomra ranga. Bhí na scoláirí ag foghlaim faoi na haigéid agus faoi na bunanna agus bhí siad ag déanamh turgnaimh. Glacann na scoláirí íomhánna den phróiseas agus déanann siad taifead ar fhuaim ach úsáid a bhaint as Adobe Voice. Ansin, cruthaíonn na scoláirí físeán ach úsáid a bhaint as na meáin bhailithe. Chomh maith leis sin, úsáideann an rang seo PicCollage chun póstaeir a chruthú den obair a rinne siad. Cuireann an múinteoir Aurasma i láthair, a chuireann ar chumas na scoláirí AR (réaltacht bhreisithe) a úsáid ina gcuid nótaí. Tarraingíonn siad lógó agus nascann siad é le píosa ábhair. Nuair a dhéanann siad an lógó a scanadh lena bhfón, tagann an t-ábhar aníos. Úsáideann an múinteoir na físeáin seo le haghaidh measúnachta – féinmheasúnú agus piarmheasúnú. Úsáideann na scoláirí a ngléasanna féin sa rang, ó tharla go bhfuil sé tábhachtach scileanna don saol a mhúineadh dóibh. Tá blag ag Roinn Eolaíochta na scoile ina gcuirtear saothar na scoláirí ar taispeáint agus ina ndéantar físeáin ionas go mbeidh na scoláirí in ann féachaint siar orthu.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Using Video to Enhance and Create Resources (Post Primary)
Físeáin Teagaisc
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch Múinteoirí)
- 4.2 Bíonn múinteoirí ag obair le chéile chun deiseanna foghlama a cheapadh do dhaltaí ar fud an churaclaim agus thairis sin
Bíonn múinteoirí páirteach i bpobail ghairmiúla ar líne chun cabhrú leo deiseanna foghlama a dhearadh do dhaltaí ar fud an churaclaim agus thairis sin.
Úsáideann múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha chun comhoibriú le gníomhaireachtaí seachtracha agus le pearsanra seachtrach d’fhonn eispéiris foghlama bhríocha a éascú do na daltaí.
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.