TFC agus Ceol
Forbhreathnú ar Fhíseán
Baineann Múinteoir Ceoil úsáid as an teicneolaíocht mar bhuntáiste don teagasc agus don fhoghlaim. Baineann sí úsáid as Movie Maker le cabhrú lena rang tuiscint fhísiúil agus chluaise a fhorbairt ar amhráin trí fhíseáin a chruthú don phíosa ceoil. Baineann an rang úsáid as audacity chomh maith, chun amhráin a thaifeadadh i gcodanna sula gcuirtear le chéile é – pianó, aonréad, comhcheol.
Cur Síos
Míníonn múinteoir ceoil an chaoi a n-úsáideann siad TFC ina ngrúpaí ranga 2ú bliain agus 5ú bliain. Úsáideann na scoláirí Movie Maker chun físeáin a phleanáil agus a thaifeadadh a léiríonn amhrán dá rogha féin. Ansin, roinneann na scoláirí na físeáin lena chéile. Míníonn an múinteoir an chaoi a bhfuil sé seo tairbheach do na scoláirí ar fad, de bharr go mbíonn an tuiscint chéanna ag gach duine a bhuí leis an teicneolaíocht. Úsáidtear Audacity sa 5ú bliain chun amhrán a thaifeadadh. Déanann na scoláirí píosaí uirlise agus gutha leo féin sula gcuireann siad le chéile iad. Úsáidtear an aip Piano keyboard sa rang chun cur ar chumas na scoláirí nótaí ceoil a aithint.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Using Video to Enhance and Create Resources (Post Primary)
Físeáin Teagaisc
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)
- 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.