Skip to main content

Táibléid a Úsáid le tacú le foghlaim teangacha (Gearmáinis)

Forbhreathnú ar Fhíseán

Míníonn múinteoir Gearmáinise na teicneolaíochtaí a bhíonn in úsáid aici sa seomra ranga. Baineann an scoil úsáid as Notability mar aip chun nótaí a ghlacadh a chuireann ar chumas na ndaltaí fuaim a thaifeadadh, a chabhraíonn leis an bhfoghraíocht sna ranganna teanga. Pléann sí an úsáid a bhaintear as Book Creator inar féidir lena cuid daltaí cur i láthair dá gcuid féin a chruthú faoi thopaicí roghnaithe.

Cur Síos

Úsáideann múinteoir Gearmáinise teicneolaíocht ina rang sa chéad bhliain. Úsáideann an múinteoir Quizlet chun luaschártaí a dhéanamh do na scoláirí agus moltar do na scoláirí a luaschártaí féin a dhéanamh. Glacann na scoláirí páirt i gcluiche luais snap leo féin, agus roghnaítear buaiteoir amháin sa rang. Úsáideann na scoláirí Notability chun nótaí a bhreacadh. Is féidir grianghraif agus taifeadtaí gutha a chur leis agus iad a roinnt leis an scoláirí eile. Úsáideann an múinteoir BookCreator sa rang. Dearann na scoláirí a leabhar féin fúthu féin agus cuireann siad i láthair don rang é. Cuireann an múinteoir ceisteanna ar an rang ar fad faoin leabhar chun a rannpháirtíocht a chinntiú. Úsáideann an múinteoir Socrative le haghaidh measúnú múnlaitheach. Cuirtear tráth na gceist chuig na scoláirí ag deireadh an ranga agus úsáideann an múinteoir na torthaí chun pleanáil a dhéanamh don chéad cheacht eile.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Digital Storytelling (Post Primary)

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Físeáin Digiteacha, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.