Skip to main content

Teicneolaíocht dhigiteach i mbliain a cúig – Fraincis

Achoimre ar an bhFíseán

Baineann múinteoir teanga úsáid as an teicneolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe ina cuid ranganna Fraincise. Baineann na daltaí úsáid as a gcuid gléasanna féin le linn na ranganna chun tástálacha a chur i gcrích. Is féidir úsáid a bhaint as tástálacha ar líne mar mhodh tapa measúnaithe sa seomra ranga. Déanann siad físeáin chomh maith chun a gcuid teanga a mheas ag baint úsáide as Adobe Spark.

Cur Síos

Pléann múinteoir teanga meánscoile an úsáid a bhaintear as an teicneolaíocht i gceachtanna Fraincise. Is réimse suntasach í an teicneolaíocht chun measúnacht a chur i gcrích ina cuid ranganna. Úsáideann na daltaí a ngléasanna teicneolaíochta féin cosúil e fóin phóca sna ceachtanna. Úsáidtear Kahoot chun measúnú a dhéanamh ar fhoghlaim nua ar nós stór focal nua agus struchtúr abairtí. Faigheann an múinteoir go bhfuil rochtain láithreach aici ar shonraí agus tuiscint na ndaltaí ar an ábhar trí úsáid a bhaint as Kahoot le haghaidh measúnaithe. Le linn na gceachtanna Fraincise, bogann na daltaí ón úsáid thraidisiúnta a bhaintear as peann agus páipéar; agus anois comhtháthaíonn siad TF ina gcuid foghlama ar bhealach fiúntach. Baineann daltaí taitneamh as ‘Quizlet’ a úsáid mar chineál measúnaithe chomh maith. Is féidir le daltaí TF a úsáid le haghaidh obair ranga agus obair bhaile. Tá comhoibriú na ndaltaí nuair a bhíonn físeáin á gcruthú acu tábhachtach, foghlaimíonn daltaí óna chéile agus faigheann siad taithí ar róil éagsúla a ghlacadh sa phróiseas foghlama. Úsáideann daltaí ‘Adobe Spark’ chun a bhfíseáin a chruthú.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Aiseolas Measúnaithe agus Teicneolaíochtaí Digiteacha (Iar-bhunscoileanna).

Físeáin teagaisc

Taispeánfaidh na físeáin ghearra teagaisc seo a leanas duit conas aipeanna a úsáid atá le feiceáil san fhíseán:

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)

  • 1 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú chun torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.
  • 3 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealaí an-éifeachtach chun a gcuid eolas, scileanna agus tuiscint a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí ábhair, torthaí foghlama, scileanna agus coincheapa Churaclam na Bunscoile.

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 3 Déanann daltaí machnamh ar a bhforás mar fhoghlaimeoirí agus forbraíonn siad mothú úinéireachta agus freagrachta as a gcuid foghlama

Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a bhailiú, chun a bhforás a thaifeadadh agus machnamh a dhéanamh air, agus chun a gcumas mar fhoghlaimeoirí féinstiúrtha a fhorbairt.

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Content Creation, Físeáin Digiteacha, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.