Skip to main content

TFC agus Folláine

Achoimre ar an bhFíseán

Agallamh leis an bhfoireann mar gheall ar an úsáid a bhaintear as TFC le tacú le meabhairshláinte dhearfach i measc na ndaltaí acu. Baineann siad úsáid as TFC chun na topaicí seo a phlé mar go mbíonn na daltaí níos rannpháirtí. Tá tús curtha acu le modúl Idirbhliana ina gcaithfidh siad físeán a spreagann meabhairshláinte dhearfach a dhearadh agus a chruthú.

Cur Síos

Féachann grúpa scoláirí na hIdirbhliana ar úsáid TFC chun folláine a chur chun cinn. Aithníonn na múinteoirí go bhfuil daltaí ag baint úsáide as teicneolaíocht lasmuigh den scoil agus tá sé mar aidhm acu a gcuid scileanna teicneolaíochta a chur san áireamh ar son an oideachais ar scoil. Glacadh cur chuige scoile uile maidir le teagasc na folláine. Rinne gach rang an ceacht ag an am céanna, le hionchur ard ó na daltaí san ábhar agus san eispéireas foghlama. D’úsáid na daltaí ‘Pinterest’ chun íomhánna agus ábhar a aimsiú ar mhian leo a chur san áireamh ina bpíosa. Chruthaigh na daltaí an t-ábhar ar fholláine ó na scileanna teicneolaíochta a d’fhoghlaim siad agus roinn siad a gcuid foghlama. Tá an scoil sásta go sroicheann úsáid TFC chun folláine a mhúineadh níos mó daltaí agus cabhróidh sé le daltaí a d’fhéadfadh a bheith in am an ghátair.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Cad is Saoránacht Dhigiteach ann agus Conas í a Mhúineadh (Iar-bhunscoileanna)

Físeáin teagaisc

Taispeánfaidh na físeáin ghearra teagaisc seo a leanas duit conas aipeanna a úsáid atá le feiceáil san fhíseán:

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
    Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a fháil, a mhalartú chun tuiscint a fhorbairt agus chun tacú le cruthú eolais bhunúsaigh.
  • 2 Fásann daltaí mar fhoghlaimeoirí trí idirghníomhaíochtaí agus eispéiris mheasúla atá dúshlánach agus tacúil.

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Ceannaireacht agus Bainistíocht, Iar-bhunscoileanna

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.