Skip to main content

Scratch le haghaidh na Litearthachta agus na hUimhearthachta

Achoimre ar an bhFíseán

Labhraíonn múinteoir ranga faoi úsáid Scratchchun tacú leis an litearthacht agus uimhearthacht. Déanann sí cur síos ar an gcaoi a gcabhraíonn úsáid a bhaint as Scratch le scileanna daltaí a fhorbairt i roinnt réimsí, lena n-áirítear fadhbanna a réiteach, agus freisin an chaoi a dtacaíonn sé le measúnú, go háirithe féinmheasúnú agus piarmheasúnú.

Cur Síos

Cuireann múinteoir bunscoile úsáid Scratch i bhfeidhm sa seomra ranga, chun foghlaim na litearthachta agus na huimhearthachta a fheabhsú. Tá daltaí curtha in oiriúint don athrú seo agus tá siad spreagtha le foghlaim go neamhspleách ag baint úsáide as Scratch. Cé go luann an múinteoir go bhfuil acmhainní do Scratch ar fáil, níl siad riachtanach chun é a úsáid go rathúil. Tá forbairt eolais agus scileanna níos tábhachtaí ná forbairt scileanna códaithe. Foghlaimíonn daltaí ábhar an churaclaim trí mheán Scratch, fad is a fhoghlaimíonn siad scileanna chun fadhbanna a réiteach, scileanna comhoibrithe agus go leor scileanna eile. Spreagann úsáid TFC d’fhéinmheasúnú agus do phiarmheasúnú páistí a bheith níos freagraí as a gcuid foghlama. Is féidir Scratch a úsáid i réimse ábhar agus tá súil ag an múinteoir seo é a chur san áireamh tríd an gcuraclam ar fad nuair is féidir.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil ag Baint Úsáid as Scratch (Bunscoileanna)

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)

  • 1 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú chun torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
    Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun faisnéis a aimsiú agus a mhalartú

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Coding, Content Creation

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.