Bealaí Foghlama Scoilnet sa Seomra Ranga Bunscoile
Achoimre ar an bhFíseán
Míníonn Mark Boggins, Scoil an Teaghlaigh Naofa, an chaoi conairí foghlama a chruthú agus úsáid a bhaint as Scoilnet. Is éard atá i gceist le conair foghlama ná bailiúchán acmhainní ar líne a roinneann ábhar ar leith m.sh. an Górta Mór Cuireann an múinteoir an chonair foghlama le chéile, atá daltaí in ann dul isteach air ar scoil nó sa bhaile.
Cur Síos
Is é conair foghlama ná bailiúchán d’acmhainní ón suíomh gréasáin ‘Scoilnet’. Tá gach conair foghlama cruthaithe ag múinteoir agus díríonn sé ar ábhar ar leith. Is féidir le conairí foghlama a úsáid chun idirdhealú a dhéanamh idir ábhar do dhaltaí lena n-úsáid ar scoil nó sa bhaile araon. Sa rang seo, d’éiligh ceacht ar an nGorta Mór do dhaltaí a bheith i gceithre ghrúpa. Rinne Grúpa a haon athbhreithniú ar chóipleabhair dhaltaí ina raibh fíricí ar an ngorta a bhailigh na daltaí tríd an gconair foghlama sa bhaile. Léigh Grúpa a dó cártaí eolais ar an ábhar, d’ordaigh siad iad agus d’fhreagair siad ceisteanna fúthu. Chruthaigh Grúpa a trí amlíne, bhailigh siad eolas ó na conairí foghlama agus na leabhair. D’úsáid grúpa a ceathair táibléid chun rochtain a fháil ar na conairí foghlama chun tuilleadh eolas a fháil. Bhí an scil a bhaineann le do bhealach a dhéanamh tríd na conairí foghlama réamhmhúinte cheana féin. Bhain na ceithre stáisiún úsáid as a dtorthaí chun tionscadal a chruthú ar ábhar an ghorta. Pléann an múinteoir cruthú conairí foghlama. Cuardaíonn múinteoirí an suíomh gréasáin ‘Scoilnet’ le haghaidh suíomhanna agus acmhainní oiriúnacha agus cuireann siad iad lena gconair foghlama chruthaithe. Is féidir le múinteoirí suíomhanna gréasáin a chur san áireamh ina bhfuil téacs, fuaim, pictiúir, srl. chun cinntiú go bhfuil rochtain ag gach dalta ar an ábhar. Is féidir le daltaí rochtain a fháil ar na conairí foghlama de réir mar a chruthaíonn a múinteoir iad, chun cur lena gcuid eolais ar réimse ábhair ar leith. Tá saoirse ag daltaí a roghnú cé na naisc agus na suíomhanna gréasáin ar an gconair foghlama is mian leo a úsáid chun a gcuid eolais ar an ábhar a fhorbairt.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.
Físeáin teagaisc
Taispeánfaidh na físeáin ghearra teagaisc seo a leanas duit conas aipeanna a úsáid atá le feiceáil san fhíseán:
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)
- 1.3 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealaí an-éifeachtach chun a gcuid eolas, scileanna agus tuiscint a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí ábhair, torthaí foghlama, scileanna agus coincheapa Churaclam na Bunscoile.
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
- 2.1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun faisnéis a aimsiú agus a mhalartú
Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.