Scratch le haghaidh na Scríbhneoireachta
Achoimre ar an bhFíseán
Leagann múinteoir Rang 6 amach conas a úsáideann sí Googleroom do na hAmharc-ealaíona. Míníonn sí an chaoi a chruthaíonn daltaí rúibric dhigiteach a leantar trí dhaltaí ag cruthú in Ealaíon. Sábháiltear grianghraif d’obair na ndaltaí ar Google Drive chun ríomhphunann a chruthú.
Cur Síos
D’fhéach páistí i rang a 5 ar an scríbhneoireacht ghnásúil ag baint úsáide as TFC. Baineadh úsáid as an aip Scratch chun feabhas a chur ar an eispéireas foghlama do pháistí. Lig úsáid Scratch do leanaí úsáid a bhaint as scileanna smaointeoireachta le hord níos airde trí fhadhbanna a réiteach, ag smaoineamh go cruthaitheach; chomh maith le scileanna matamaiticiúla agus seánra Bhéarla a úsáid. Cuireadh páistí san áireamh sa mheasúnú trí cheistiú agus féinmheasúnú aonair ar an bpróiseas ar Scratch.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
- 2.1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun faisnéis a aimsiú agus a mhalartú
Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.