Táibléid le haghaidh Caint & Plé
Achoimre ar an bhFíseán
Baineann múinteoir Naíonán Sinsearach úsáid as táibléid chun an teanga labhartha agus an t-idirdhealú a thacú le rang Naíonán Sinsearach. Baineann na páistí úsáid as Story Creator san aip Collins Big Cat chun radharc ón scéal a athchruthú. Cuireann siad a n-obair i láthair ansin os comhair comhghleacaí.
Cur Síos
Oibríonn daltaí i naíonáin shinsearacha i ngrúpaí tar éis léamh os ard. Úsáideann grúpaí le iPadanna an app Collings Big Cut chun radharc ón leabhar a athchruthú. Déanann grúpaí eile tascanna scríofa maidir le mapáil scéil agus bailte ainmhithe. Míníonn an múinteoir conas a cheadaíonn na hipadanna níos mó neamhspleáchais, difreála agus aiseolais duine le duine.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)
- 1 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú chun torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
- 1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun faisnéis a aimsiú agus a mhalartú
Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.