TFC & Uimhearthacht – Ceacht mata i rang sinsearach
Achoimre ar an bhFíseán
Déanann múinteoir rang 6 cur síos ar cheacht Mata laistigh den snáithe crutha 2T agus úsáid a bhaint as go leor teicneolaíochtaí éagsúla. Pléann daltaí ábhar na dtriantán le húsáid á baint as ceamaraí digiteacha, ríomhairí agus asScratch. Is eochairghné é comhoibriú an ghrúpa agus réiteach fadhbanna do spreagadh na ndaltaí sa cheacht seo.
Cur Síos
Foghlaimíonn daltaí i Rang a 6 faoi Thriantáin. Daltaí ag obair le ceamaraí ag glacadh pictiúr de thriantáin sa timpeallacht agus ag déanamh físeáin teagaisc. Úsáideann grúpaí eile Scratch chun tráth na gceist a dhéanamh agus triantáin éagsúla a tharraingt. Míníonn múinteoir an chaoi a bhfuil an teicneolaíocht fóinteach mar nach dtuigeann na páistí go bhfuil siad ag foghlaim agus go dtugann siad dúshláin dá chéile.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil ag Baint Úsáid as Scratch (Bunscoileanna)
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)
- 1 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú chun torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
- 1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun faisnéis a aimsiú agus a mhalartú
Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.