Codáin le húsáid a bhaint as go leor teicneolaíochtaí
Achoimre ar an bhFíseán
Míníonn múinteoir rang 6 an chaoi a úsáidtear go leor gléasanna éagsúla chun Codáin a mhúineadh. Baintear úsáid as an CBI, gléasanna táibléid, fístaifeadán láimhe agus an t-amharcléiritheoir ag stáisiúin éagsúla. Tá úsáid TFC le haghaidh féinmheasúnaithe agus piarmheasúnaithe léirithe go soiléir.
Cur Síos
Baineann daltaí Rang 6 úsáid as an aip Motion Maths ar tháibléid nuair atá siad ag foghlaim faoi Chodáin. Úsáideann siad ceamaraí boise chun taifead a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil fadhbanna á réiteach acu. Is féidir físeáin a úsáid ansin mar mhodh piarmheasúnaithe agus féinmheasúnaithe. Míníonn an múinteoir go mbíonn sí ag pleanáil an teicneolaíocht dhigiteach a úsáid agus nár chóir go mbeadh eagla ar aon duine í a chomhcheangal sa seomra ranga.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Aiseolas Measúnaithe agus Teicneolaíochtaí Digiteacha (Bunscoileanna).
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
- 1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun faisnéis a aimsiú agus a mhalartú
Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.