Skip to main content

Scéalaíocht le húsáid a bhaint as gléasanna táibléid

Achoimre ar an bhFíseán

Déanann múinteoir Rang a 4 ó Scoil Náisiúnta Mhuire, Máthair Dóchais, cur síos ar úsáid táibléad i gceacht scríbhneoireachta le rang a 4.

Cur Síos

Baineann daltaí úsáid as aip cruthaitheoir scéalta Toontastic chun beocht a dhéanamh dena gcuid scéalta. Oibríonn daltaí i ngrúpaí chun a gcuid carachtar, suíomhanna agus plota a fhorbairt sula gcuireann siad beocht ina gcuid cruthú le húsáid a bhaint as an teicneolaíocht. Tá roinnt ceachtanna scríbhneoireachta roimh chruthú an scéal Toontastic. Úsáideann siad iPadanna atá roinnte i measc na ngrúpaí.

Tá a lán daltaí sa rang nach Béarla atá mar chéad teanga acu, agus aithníonn an múinteoir go dtacaíonn úsáid na teicneolaíochta lena bhforbairt teanga toisc go dtarraingíonn sé isteach iad agus tugann sé beocht dá gcuid scéalta ar bhealach amhairc.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.

Físeáin teagaisc

Taispeánfaidh na ranganna teagaisc gearra seo a leanas duit conas Toontastic agus roinnt aipeanna scéalaíochta digiteacha eile a úsáid:

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora)

  • 1 Ráiteas: Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú le torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.
  • 3 Ráiteas: Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealaí an-éifeachtach chun a gcuid eolais, scileanna agus tuisceana a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí ábhair, torthaí foghlama, scileanna agus coincheapa Churaclam na Bunscoile.

Téigh chuigPleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Collaboration, Punanna Digiteacha, Scéalaíocht Dhigiteach

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.