Táibléid le haghaidh Fionnachtain Faoi Threoir
Achoimre ar an bhFíseán
Déanann múinteoir naíonán sinsearach cur síos ar tháibléid a úsáid le haghaidh fionnachtain faoi threoir i gceacht Mata leis na Naíonáin Shinsearacha. Oibríonn na daltaí i ngrúpaí chun an snáithaonad ‘Sonraí’ a phlé. Baineann siad úsáid as an aip ‘Explain Everything’ chun taifeadadh a dhéanamh ar a gcuid smaointeoireachta agus ‘Find the Right Place’ a imirt chun teanga matamaitice a fhorbairt.
Cur Síos
Baineann rang Naíonáin Shinsearacha úsáid as iPadanna chun Sonraí sa Mhatamaitic a fhoghlaim. Tá an rang roinnte ina ghrúpaí. Déanann daltaí gnáthrudaí a shórtáil trí fhionnachtain treoraithe agus taifeadann siad a dtorthaí ar an aip Explain Everything. Glacann na daltaí grianghraif agus taifeadann siad a nguthanna ag míniú conas a shórtáil siad a gcuid rudaí. Chríochnaigh grúpa eile an ghníomhaíocht chéanna le Explain Everything ag baint úsáid as Láimhseoga Maise. Míníonn an múinteoir an chaoi a bhfuil na páistí eolach ar na táibléid agus dá bhrí sin tá siad níos gafa sa cheacht. Is féidir obair a dhifreáil ar an aip.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch na Múinteoirí)
- 3 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealaí an-éifeachtach chun a gcuid eolas, scileanna agus tuiscint a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí ábhair, torthaí foghlama, scileanna agus coincheapa Churaclam na Bunscoile.
Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.