Cuir i Láthair SID a bhfuil script acu do Bhunscoileanna agus Iarbhunscoileanna
11th February 2025

Tá Cuir i Láthair SID saor in aisce ar fáil do leibhéal na Bunscoile agus na hIar-bhunscoile. Déantar iniúchadh sna cuir i láthair nua “Ullmhaigh / Cosain / Bláthaigh: Ag Dul i nGleic le hAlgartaim agus Tionchairí” ar théama Lá na Sábháilteachta Idirlín 2025. Tá cuir i láthair bhreise maidir le sábháilteacht ar líne ar fáil le húsáid le rang 1 agus 2, rang 3 agus rang 4, agus rang 5 agus rang 6. Cíortar topaicí sna cuir i láthair ag leibhéal na hIar-bhunscoile, lena n-áirítear Nuacht, Faisnéis agus Fadhbanna na Faisnéise Bréagaí; d’Fholláine ar Líne a Bhainistiú; agus Cumarsáid Mheasúil Ar Líne.