Skip to main content

Cúrsa Nua ar Líne do Mhúinteoirí OSPS agus Idirbhliana (Iar-bhunscoil) 

Cúrsa Nua ar Líne do Mhúinteoirí OSPS agus Idirbhliana (Iar-bhunscoil) 

18th October 2024

Más múinteoir iar-bhunscoile thú atá ag múineadh OSPS, beidh suim mhór agat inár gcúrsa nua ar líne: ‘Sábháilteacht ar Líne a mhúineadh sa Seomra Ranga OSPS Iar-bhunscoile’. 

Beidh an cúrsa seo oiriúnach do mhúinteoirí na hidirbhliana freisin le cearta, rioscaí agus bagairtí ar líne a mhúineadh do scoláirí. Clúdaítear freisin ábhair ghaolmhara eile a thacaíonn le cur chuige traschuraclaim. 

Maidir le hábhar an chúrsa nua seo ar líne 

Ag leanúint ar aghaidh ó chúrsa ar líne níos luaithe le hábhar den chineál céanna, tá ábhar an chúrsa seo nuashonraithe againn chun forbairtí le déanaí a léiriú. Ina measc seo tá athruithe reachtaíochta amhail dlí Coco agus na nósanna imeachta ‘Bí Cineálta’ a seoladh le déanaí. Tá an cúrsa ag teacht leis an gcuraclam OSPS athbhreithnithe ag leibhéil na Sraithe Sóisearaí, na hIdirbhliana agus na Sraithe Sinsearaí. 

Chomhoibrigh Teicneolaíocht san Oideachas Oide lenár gcomhghleacaithe Webwise chun an cúrsa a chruthú. Déanann an t-ábhar tagairtí agus cuimsíonn sé treoir maidir le conas acmhainní fairsinge, saor in aisce Webwise a úsáid. Pléann na hacmhainní seo le topaicí ar nós íomhánna mígheanasacha a roinnt, ciapadh ar líne agus caidrimh níos dearfaí a fhorbairt lena chéile. 

Ní thógann an cúrsa ach uair an chloig staidéir. Is féidir leat é a chríochú ar do luas féin agus de réir d’amlíne féin. Bíonn sé ar fáil ó cheann ceann na scoilbhliana, 24/7, lena n-áirítear le linn laethanta saoire scoile. 

Cruthaíonn Teicneolaíocht san Oideachas Oide gach ábhar cúrsa ar líne de réir na gcaighdeán gairmiúil is airde i gcomhairle le saineolaithe oideachais agus saineolaithe ábhair. Cuimsíonn sé idirghníomhaíocht chun rannpháirtíocht a mhéadú, físeáin dea-chleachtais a dhéantar a scannánú i scoileanna in Éirinn agus agallaimh le saineolaithe. 

Uaireanta Pháirc an Chrócaigh 

Má éascaíonn do bhainistíocht scoile staidéar neamhspleách mar chuid d’uaireanta Pháirc an Chrócaigh, is féidir leat a iarraidh go gcuirfear an cúrsa nua ar líne seo do mhúinteoirí OSPS san áireamh i bpleananna na scoile. Cuirfidh sé seo ar do chumas dul i ngleic leis mar chuid de d’uaireanta Pháirc an Chrócaigh a chomhlíonadh. Tá teastas ar fáil nuair a chríochnaíonn tú an cúrsa de réir riachtanais an chúrsa, más gá duit do rannpháirtíocht a dheimhniú. 

Spéis agat ann? 

Léigh cur síos iomlán an chúrsa agus ansin cláraigh tú féin anseo

Beidh cuntas Scoilnet uait le féinchlárú. Mura bhfuil ceann agat cheana féin, is féidir leat clárú anseo le haghaidh chuntas Scoilnet

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.