Skip to main content

IS do Scoileanna – Cúrsa nua ar líne

2nd September 2024

 Cuirtear le cúrsa nua ar líne ar IS do Scoileanna tuiscint ar fáil do mhúinteoirí maidir le intleacht shaorga, lena n-áirítear na buntáistí, rioscaí agus pointí machnaimh eiticiúla i gcomhthéacs na scoile.  

Cuimsítear leis an gcúrsa an-idirghníomhach seo ionchuir físe saineolaithe ón Adapt centre agus eile, ina dtugtar léargas ar an dóigh a bhfuil úsáid á bhaint ag scoileanna as IS cheana féin chomh maith le chomhthéacs níos leithne forbairtí IS. Cuirtear i láthair sa chúrsaí freisin réimse leathan ábhar agus acmhainní breise ar an ábhar IS san oideachas.   

Uaireanta Pháirc an Chrócaigh 

Beidh an cúrsa seo ar fáil ar fud na scoilbhliana 2024/2025, lena n-éascaítear bainistíocht na scoile plean a dhéanamh dá múinteoirí chun páirt a ghlacadh leis le linn uaireanta Pháirc na Chrócaigh nó a bhfoghlaim agus gcleachtais ranga gaolmhara a roinnt le linn cruinnithe foirne. Níl i gceist leis ach uair d’am staidéir.  Tá teastas críochnaithe ar fáil. 

Cad a cheapann ár rannpháirtithe 

Reáchtáladh an cúrsa ar feadh tamall gearr ag deireadh na scoilbhliana agus glacadh go han-mhaith leis: 

Cuireadh ar fáil leis an gcúrsa míniú maith maidir leis an áit a bhfuil IS (faoi láthair) mar aon le forléargas an-shoiléir, cothrom agus an-thomhaiste a thabhairt dá cúlra, na rudaí dearfacha agus diúltacha/na gaistí nach mór dúinne mar oideoirí a bheith ar an eolas fúthu. 

Foghlaim Níos Mó faoi IS do Scoileanna 

Roghnaigh an nasc seo le haghaidh tuilleadh eolais agus chun féinchlárú

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.