Skip to main content

Nua! Cúrsaí ar líne do Mhúinteoirí (Iar-bhunscoile) NTI (Nuatheangacha Iasachta)

Nua! Cúrsaí ar líne do Mhúinteoirí (Iar-bhunscoile) NTI (Nuatheangacha Iasachta)

6th September 2024

Tá cúrsa ar líne nua faoi theicneolaíocht dhigiteach do mhúinteoirí (iar-bhunscoile) Nuatheangacha Iasachta (NTI) faoi lánseol anois! Tar éis cúrsa píolótach gairid sa téarma deireanach, tá an cúrsa ar oscailt do chách anois agus beidh sé ar fáil go dtí Bealtaine 2025.

Forbraíodh an cúrsa féinluais seo ag Teicneolaíocht san Oideachas Oide i gcomhpháirtíocht le Teangacha Iar-bhunscoile Éireann (PPLI). Ní thógann sé ach trí huaire de do chuid ama féin chun an cúrsa a dhéanamh agus treoróidh sé thú trí trí mhodúl foghlama a bhaineann go díreach le do theagasc sa seomra ranga. Is iad seo a leanas na modúil:

  • Teicneolaíochtaí digiteacha do scileanna labhartha
  • Teicneolaíochtaí digiteacha do scileanna éisteachta
  • Teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh measúnaithe in NTI

Áirítear mar ghnéithe den chúrsa ar líne nua sin do mhúinteoirí NTI ceachtanna, físeáin maidir le dea-chleachtas, leathanaigh acmhainní agus níos mó ná sin. Beidh rochtain agat freisin ar iriseán foghlama a bheidh le comhlánú agat de réir mar a rachaidh tú tríd an gcúrsa agus tabharfaidh tú gníomhaíochtaí praiticiúla leat uaidh ar mhaithe le do theagasc féin.

Ghlac roinnt múinteoirí páirt sa chúrsa píolótach sa téarma deireanach agus dar leo go raibh sé thar a bheith úsáideach. Dá réir sin, táimid ar bís chun an cúrsa a chur ar fáil do sprioclucht níos leithne le linn na scoilbhliana 2024/25.

“Spreag an cúrsa smaointe nua ionam nach raibh agam roimhe sin ach tá an-áthas orm agus tá mé tógtha chun triail a bhaint astu i mo theagasc sa todhchaí.”

“Ba bhreá liom go raibh acmhainní comhroinnte dírithe ní amháin ar NTI amháin, ach ar ábhair eile chomh maith ar féidir le Múinteoirí NTI iad a oiriúnú agus a úsáid ina gceachtanna ranga.”

Teastaíonn Cuntas Scoilnet ó mhúinteoirí a bhfuil sé i gceist acu bheith ina rannpháirtithe, ach is leor sin…níl le déanamh agat ach féin-chlárú agus páirt a ghlacadh sa chúrsa nuair a oireann sé duit, agus laethanta saoire/tréimhsí sosa agus deireadh na seachtaine san áireamh.

Is féidir leat an cúrsa a chríochnú i dtrí huaire as a chéile nó i mbloic ama níos giorra agus iad roinnte thar roinnt seachtainí. Tá teastas ar fáil dóibh siúd a chríochnaíonn an cúrsa ina iomláine. Ach fiú mura bhfuil spéis agat ach i modúl amháin nó in acmhainní áirithe, is féidir leat triail a bhaint as modúil éagsúla de réir mar is gá. Beidh ríomhtheagascóir ar fáil freisin chun tacú leat ó lár Mheán Fómhair ar aghaidh agus déanfaidh sé/sí do thasc cúrsa (gairid) a phróiseáil.

Tá an fhaisnéis riachtanach uile ar fáil sa chur síos ar an gcúrsa, lena n-áirítear an nasc le féinchlárú le do Chuntas Scoilnet.

Naisc don chúrsa ar líne seo do Mhúinteoirí NTI:

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.