Skip to main content

Course Details

Infhaighteacht

Am téarma, Oscailte Anois

Sector

Bunscoileanna, Iar-bhunscoileanna

Dátaí an Chúrsa

21-06-24 go 20-06-25

Am Staidéir

1 uair a chloig

Sprioclucht Féachana

Múinteoirí agus Foireann Ceannaireachta Scoile

Áiteanna

Gan teorainn

Leis an ngearrchúrsa tosaigh seo ar IS do Scoileanna, tabharfar tuiscint do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile ar cad is IS ann agus tabharfar forléargas ar phríomhdhoiciméid bheartais a bhaineann le IS, lena n-áirítear na foilseacháin Eorpacha is déanaí. Tabharfar breac-chuntas ann freisin ar na gnéithe eiticiúla a bhaineann le húsáid IS i suíomh scoile.

Forbraítear an cúrsa i gcomhthéacs na Straitéise Digití do Scoileanna go dtí 2027, lena mbaineann aidhm chun tacú le scoileanna ‘láidreachtaí agus teorainneacha IS a aithint agus aghaidh a thabhairt ar bhreithnithe agus rioscaí eiticiúla’. Áirítear leis príomhionchuir ón Ionad Adapt agus eile.

Torthaí Foghlama

Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:

  • Breac-chuntas a thabhairt ar na príomhbheartais a bhaineann le IS san oideachas
  • Úsáidí reatha IS sa ghnáthshaol a shainaithint
  • Cur síos a dhéanamh ar choincheapa bunúsacha IS
  • Breac-chuntas a thabhairt ar na príomhbhreithnithe maidir le húsáid IS i scoileanna
  • Cur síos a dhéanamh ar na tairbhí agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le húsáid IS i scoileanna

Acmhainní chun tacú le foghlaim ghairmiúil in IS do mhúinteoirí a shainaithint

Ábhar an Chúrsa

Is cúrsa an-idirghníomhach é seo ina bhfuil hionchuir físe saineolaithe ina dtugtar léargas ar an dóigh a bhfuil scoileanna ag plé le IS cheana féin agus ar chomhthéacs níos leithne forbairtí IS. Cuirtear i láthair sa chúrsaí freisin réimse leathan ábhar agus acmhainní breise ar an ábhar IS san oideachas.

Go sonrach, tá ionchur ó shaineolaithe ón Ionad Adapt agus ón tionscadal AI4T sa chúrsa, chomh maith le hionchuir ó chomhghleacaithe i dTeicneolaíocht Oide san Oideachas agus acmhainní ar úsáid shábháilte IS ó Webwise. I measc na n-acmhainní tábhachtacha eile tá an tionscadal  Teaching AI ó Ionad Insight de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ó Ionad Anailísíochta Sonraí, ceachtanna Ionad Adapt do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile, Treoirlínte Eiticiúla an AE agus Treoir UNESCO maidir le IS Giniúnach san Oideachas agus sa Taighde.

Cuirfear le hábhar an chúrsa ar bhonn rialta chun teacht na forbairtí is déanaí in IS agus na hacmhainní ábhartha atá ar fáil do scoileanna.

Tá dhá mhodúl sa chúrsa:

  1. Bunghnéithe IS

Leis an modúl seo, tugtar isteach IS agus mínítear cad is IS ann, lena n-áirítear príomhthéarmaíocht, amhail IS Giniúnach, a bhfuil tóir air a bhuí le huirlisí ar nós ChatGPT, Co-Pilot and Gemini). Soláthraítear leis freisin an comhthéacs beartais do IS san oideachas, trí bhéim a leagan ar bheartais agus ar threoirlínte ábhartha.

  1. Breithnithe IS do Scoileanna

Déantar iniúchadh sa dara modúl ar na breithnithe eiticiúla in úsáid IS i suíomh scoile, ag baint leas as phríomhdhoiciméid, amhail Treoirlínte Eiticiúla an AE do Scoileanna chomh maith le Treoir UNESCO um IS Giniúnach san Oideachas agus sa Taighde. Soláthraítear leis an modúl seo freisin creat chun pleanáil le haghaidh úsáid IS i gcomhthéacs an Phlean don Fhoghlaim Dhigiteach.

Riachtanais

Gléas:  Ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad* a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safari suiteáilte air. Caithfidh ceangail láidir leathanbhanda idirlín a bheith agat.

*Oibreoidh an chuid is mó de ghléasanna táibléid go maith le bogearraí ár gcúrsa ach is féidir nach mbeidh roinnt gléasanna, atá níos sine, comhoiriúnach. Ná húsáid fón cliste chun an cúrsa seo a chur i gcrích le do thoil.

Bogearraí/Aipeanna: Cé go bhfuil an cúrsa seo saor in aisce, áirítear leis an ábhar samplaí de réimse leathan aipeanna agus teidil bogearraí a fheidhmíonn mar eiseamláirí, agus bíonn costas ar roinnt acu.

NB: Ní mór do rannpháirtithe rochtain a fháil ar fheidhmchlár tríú páirtí – gan aon ghá le logáil isteach – mar chuid den chúrsa. Ní mór duit bheith ar an eolas maidir le téarmaí seirbhíse agus beartais príobháideachais na bhfeidhmchlár sin, mar a leanas: Príobháideachas agus faisnéis slándála .Slido.

Mapáil Creata

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tá gné na Múinteoireachta agus na Foghlama (Réimsí 1, 3 agus 4) agus gné na Ceannaireachta agus na Bainistíochta (Réimsí 1, 2 agus 4) den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach mapáilte sa chúrsa seo.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Foghlama Digití

Inniúlachtaí DigCompEdu

Tá an Creat Inniúlachta Digití DigCompEdu d’oideoirí mapáilte sa chúrsa seo, ach go háirithe Réimse 1: Rannpháirtíocht Ghairmiúil; Réimse 2: Acmhainní Digiteacha; Réimse 3: Teagasc agus Foghlaim agus Réimse 6: Inniúlacht Dhigiteach na bhFoghlaimeoirí a Éascú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin DigCompEdu

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, faoi réir ag cead ó lucht bainistíochta na scoile, go háirithe i dtaca le suas le deich n-uair an chloig de chuid ‘Pháirc an Chrócaigh’ a bhféadfaí iad a cheadú le húsáid ag daoine aonair/grúpaí beaga féideartha (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.