Skip to main content

Sábháilteacht ar líne a Theagasc sa Seomra Ranga (Iar-Bhunscoile) OSPS.

Course Details

Sector

Iar-bhunscoileanna

Dátaí an Chúrsa

30-09-24 go 20-06-25

Am Staidéir

1 uair a chloig

Sprioclucht Féachana

Múinteoirí OSPS Iar-bhunscoileanna agus Idirbhliana

Áiteanna

Gan teorainn

(Cuirtear an cúrsa seo ar fáil trí Bhéarla amháin.)

Tá d’aidhm ag an gcúrsa seo tacaíocht a thabhairt duit maidir le sábháilteacht ar líne a mhúineadh sa seomra ranga trí na scileanna, an mhuinín agus na háiseanna cuí a thabhairt duit. Cuirfidh sé ar do chumas feasacht a mhúscailt agus cosc a chur ar iompar ar líne do dhaltaí a d’fhéadfadh a bheith díobhálach trí churaclam OSPS a chur chun feidhme ar leibhéil na Sraithe Sóisearaí, na hIdirbhliana agus na Sraithe Sinsearaí. Tá ábhar an chúrsa seo ag teacht leis an gcuraclam athbhreithnithe OSPS. 

Úsáidfidh agus oiriúnóidh tú acmhainní Webwise saor in aisce a mheallann daltaí chuig ábhair a bhaineann lena saol agus atá tábhachtach dá bhfolláine. 

Déileálann na hacmhainní Webwise sa chúrsa seo le hábhair amhail íomhánna míchuí a roinnt, ciapadh ar líne agus caidreamh níos dearfaí a fhorbairt lena chéile. 

Tá an cúrsa forbartha ag Teicneolaíocht san Oideachas de chuid Oide i gcomhair lenár bhfoireann Webwise. 

Torthaí Foghlama

Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:

  • Beart a dhéanamh sa seomra ranga chun feasacht a mhúscailt faoin tsábháilteacht ar líne agus iompar ar líne a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a chosc.
  • Foghlaimeoirí a chur ar a gcumas contúirtí agus bagairtí i dtimpeallachtaí digiteacha a thuiscint.
  • Foghlaimeoirí a chur ar a gcumas iad féin agus daoine eile a chosaint ar chontúirtí a d’fhéadfadh a bheith i dtimpeallachtaí
  • digiteacha.
  • Acmhainní oiriúnacha a roghnú chun aghaidh a thabhairt ar thopaicí ábhartha maidir le sábháilteacht ar líne agus an curaclam OSPS a chur chun feidhme.
  • Gníomhaíocht ceachta OSPS a phleanáil ag baint úsáide as acmhainní Webwise.
  • Freagairt láithreach ar bhealach héifeachtach nuair atá folláine foghlaimeoirí i mbaol i dtimpeallachtaí digiteacha.

Ábhar an Chúrsa

Clúdaíonn ábhar an chúrsa roinnt príomhréimsí den tsábháilteacht ar líne do dhaltaí agus na bealaí ar féidir le hacmhainní Webwise tacú leo. Áirítear sa chúrsa físeán ina léirítear sampla de na bealaí a d’úsáid scoil na hacmhainní seo don Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte chomh maith le léargais ó shaineolaí de chuid Oide maidir leis an gcuraclam OSPS. Anuas air sin, beidh deis agat gníomhaíocht ranga a chruthú chun acmhainn sábháilteachta ar líne a chur in oiriúint do do scoil, agus beidh an t-am agat do mhachnamh a dhéanamh ar do thaithí féin agus an méid sin a roinnt leis na daoine eile a bheidh ar an gcúrsa.

Riachtanais

Gléas:

Ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad* a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safari suiteáilte air. Caithfidh ceangail láidir leathanbhanda idirlín a bheith agat.  

*Oibreoidh an chuid is mó de ghléasanna táibléid go maith le bogearraí ár gcúrsa ach is féidir nach mbeidh roinnt gléasanna, atá níos sine, comhoiriúnach. Ná húsáid fón cliste chun an cúrsa seo a chur i gcrích le do thoil. 

Bogearraí/Aipeanna: 

Cé go bhfuil an cúrsa seo saor in aisce, áirítear leis an ábhar samplaí de réimse leathan aipeanna agus teidil bogearraí a fheidhmíonn mar eiseamláirí, agus bíonn costas ar roinnt acu.

NB: Ní mór do rannpháirtithe rochtain a fháil ar fheidhmchlár tríú páirtí amháin – gan aon ghá le logáil isteach – mar chuid den chúrsa.  Ní mór duit bheith ar an eolas maidir le téarmaí seirbhíse agus beartais príobháideachais na bhfeidhmchlár sin, mar a leanas:

Mapáil Creata

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach 

Tá gné na Múinteoireachta agus na Foghlama (Réimsí 3 agus 4) agus gné na Ceannaireachta agus na Bainistíochta (Réimsí 2 agus 4) den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach mapáilte sa chúrsa seo.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Foghlama Digití

Inniúlachtaí DigCompEdu 

Déantar an Creat Inniúlachtaí DigCompEdu d’oideoirí a mhapáil sa chúrsa seo, go háirithe Réimse 3: Teagasc agus Foghlaim agus Réimse 6: Inniúlacht Dhigiteach na bhFoghlaimeoirí a Éascú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin DigCompEdu 

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, faoi réir ag cead ó lucht bainistíochta na scoile, go háirithe i dtaca le suas le deich n-uair an chloig de chuid ‘Pháirc an Chrócaigh’ a bhféadfaí iad a cheadú le húsáid ag daoine aonair/grúpaí beaga féideartha (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.