Skip to main content

Course Details

Sector

Bunscoileanna

Dátaí an Chúrsa

30-09-24 go 23-05-25

Am Staidéir

3 uair a chloig

Sprioclucht Féachana

Múinteoirí agus Foireann Ceannaireachta Scoile

Áiteanna

Gan teorainn

(Cuirtear an cúrsa seo ar fáil trí Bhéarla amháin.)

Tá sé mar aidhm leis an gcúrsa seo an t-eolas, na hacmhainní agus an mhuinín a sholáthar do mhúinteoirí chun an tsaoránacht dhigiteach a theagasc agus lena chur ar chumas a ndaltaí bheith sábháilte, eiticiúil agus freagrach ar líne. 

Is leagan giorraithe agus nuashonraithe é den chúrsa samhraidh bunscoile a bhíodh ann dar teideal ‘Buntreoir maidir le hOideachas na Saoránachta Digití’ a reáchtáladh ar feadh trí bliana agus ar cuireadh ar an ngearrliosta é le haghaidh gradam idirnáisiúnta foghlama in 2023. 

Déanfaidh na rannpháirtithe iniúchadh maidir le céard a bhíonn i gceist le bheith i do shaoránach digiteach maith agus maidir le cén chaoi ar féidir leo folláine ar líne, litearthacht sna meáin, príobháideachas, cumarsáid, eiticí, comhbhá, agus eile a chomhtháthú ina gcuid teagaisc. Áirítear ar an gcúrsa físeáin in dtaispeántar an dea-chleachtas de réir mar a chleachtar é i mbunscoileanna agus cuireann sé rochtain ar fáil do réimse leathan d’acmhainní sábháilteachta ar líne ó Webwise. 

Tá an cúrsa forbartha ag Teicneolaíocht san Oideachas de chuid Oide i gcomhair lenár bhfoireann Webwise. 

Torthaí Foghlama

Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:

  • Cur síos a dhéanamh ar an tSaoránacht Dhigiteach agus ar Shábháilteacht ar Líne i gcomhthéacs sheomra ranga bunscoile.
  • Na bealaí ar féidir an tSaoránacht Dhigiteach agus Sábháilteacht ar Líne a chomhtháthú i do sheomra ranga.
  • Na hacmhainní ranga cuí ar féidir iad a úsáid agus a chur in oiriúint chun tacú leis na topaicí thábhachta seo a aithint.

Ábhar an Chúrsa

Tá cúig mhodúil ar an gcúrsa seo. Áirítear ina measc ceachtanna ar gach topaic, gníomhaíochtaí idirghníomhacha, agus quiz deiridh nuair a bheidh an cúrsa i gcrích.

1. Buntreoir maidir le hOideachas na Saoránachta Digití

Tugtar réamhrá maidir le hoideachas na saoránachta digití, cad é atá ann agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach mar chuid den mhodúil seo. Soláthraítear smaointe chomh maith ar conas is féidir é a chomhtháthú i gcleachtas an tseomra ranga chomh maith leis na tacaíochtaí sonracha atá ar fáil do mhúinteoirí a threorú.

2. Bheith Ar Líne:

Déantar iniúchadh i Modúl 2 ar an téama Bheith ar Líne, ag díriú ar réimse na meán agus na litearthachta mar phríomhinniúlacht na saoránachta digití sa téama seo.

3. Folláine Ar Líne:

Tugtar forléargas i Modúl 3 ar an téama Folláine Ar Líne, ag díriú ar d’fholláine ar líne a bhainistiú mar phríomhinniúlacht na saoránachta digití sa téama seo.

4. Cearta ar líne

Tabharfar forléargas i Modúl 4 ar an téama Cearta Ar Líne, ag díriú ar chearta agus freagrachtaí ar líne mar phríomhinniúlacht na saoránachta digití sa téama seo.

5. Plean Gníomhaíochta a chruthú le haghaidh na Saoránachta Digití

Foghlaimeoidh rannpháirtithe conas an tSaoránacht Dhigiteach a chomhtháthú leis an gCreat don Fhoghlaim Dhigiteach agus faoi thacaíochtaí agus acmhainní breise chun cabhrú leo na chéad chéimeanna eile a ghlacfaidh siad a phleanáil agus iad ag iarraidh an tSaoránacht Dhigiteach a chomhtháthú sa seomra ranga sa bhunscoil

Riachtanais

Gléas:

Ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad* a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safari suiteáilte air. Caithfidh ceangail láidir leathanbhanda idirlín a bheith agat.  

*Oibreoidh an chuid is mó de ghléasanna táibléid go maith le bogearraí ár gcúrsa ach is féidir nach mbeidh roinnt gléasanna, atá níos sine, comhoiriúnach. Ná húsáid fón cliste chun an cúrsa seo a chur i gcrích le do thoil. 

Bogearraí/Aipeanna:

Cé go bhfuil an cúrsa seo saor in aisce, áirítear leis an ábhar samplaí de réimse leathan aipeanna agus teidil bogearraí a fheidhmíonn mar eiseamláirí, agus bíonn costas ar roinnt acu.

NB: Ní mór do rannpháirtithe rochtain a fháil ar fheidhmchlár tríú páirtí amháin – gan aon ghá le logáil isteach – mar chuid den chúrsa.  Ní mór duit bheith ar an eolas maidir le téarmaí seirbhíse agus beartais príobháideachais na bhfeidhmchlár sin, mar a leanas:

  • Príobháideachas agus faisnéis slándála .Slido.

Mapáil Creata

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tá gné na Múinteoireachta agus na Foghlama (Réimsí 1, 3 agus 4) agus gné na Ceannaireachta agus na Bainistíochta (Réimsí 1, 2 agus 4) den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach mapáilte sa chúrsa seo.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Foghlama Digití

 Inniúlachtaí DigCompEdu 

Tá an Creat Inniúlachta Digití DigCompEdu d’oideoirí mapáilte sa chúrsa seo, ach go háirithe Réimse 1: Rannpháirtíocht Ghairmiúil; Réimse 2: Acmhainní Digiteacha; Réimse 3: Teagasc agus Foghlaim agus Réimse 6: Inniúlacht Dhigiteach na bhFoghlaimeoirí a Éascú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin DigCompEdu

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, faoi réir ag cead ó lucht bainistíochta na scoile, go háirithe i dtaca le suas le deich n-uair an chloig de chuid ‘Pháirc an Chrócaigh’ a bhféadfaí iad a cheadú le húsáid ag daoine aonair/grúpaí beaga féideartha (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.