Seachtain na hEolaíochta 2022 – Deiseanna as Cuimse
11th November 2022
Tá Eolaíocht tábhachtach mar chuid de thodhchaí roinnte níos fearr – chun cabhrú linn ár ndomhan a thuiscint, deiseanna nua a spreagadh, agus réitigh féideartha a chur ar fáil. Tá go leor roghanna againn agus muid ag dul i ngleic le níos mó dúshlán, agus táimid mar chuid den phlé faoin ról atá ag an eolaíocht. Le haghaidh Sheachtain na hEolaíochta, an 13-20 Samhain, táimid ag iarraidh ar dhaoine na deiseanna as cuimse a bhaineann le heolaíocht a fhiosrú.