Bhíomar an-sásta a bheith páirteach san cruinniú Languages Connect cúrtha ar fáil ag PPLI i mí Dheireadh Fomhair.
Seo a leanas roinnt smaointe chun an fhoghlaim dhigiteach a neadú sna ranganna Nuatheangacha Iasachta, arna roinnt linn ag múinteoirí Nuatheangacha Iasachta ar fud na tíre:
- Padlet le haghaidh bainc chomhoibríocha foclóra
- Ríomhphoist a scríobh sa sprioctheanga
- An aip Superhero a úsáid chun scéalta a chruthú
- Aipeanna cluichíochta sa sprioctheanga chun an foclóir a mhéadú
- Cruthaíonn daltaí comhrá (lena n-áirítear triail iomlánaithe) ag baint úsáid as ChatGPT bunaithe ar chás a bhfuil staidéar á dhéanamh acu air. Seiceálann an múinteoir, roinneann na daltaí lena gcuid piaraí agus léiríonn gach grúpa an comhrá sa rang.
- Ríomheolaíocht a nascadh le teanga trí chódú agus micrea-ghiotáin a úsáid chun teanga a chur i bhfeidhm go praiticiúil
- Teangacha baile breise a úsáid ar láithreoireachtaí PowerPoint chun tacú leis an bhfoghlaim
- Idirghníomhaíocht na ndaltaí a chraoladh ó iPad ar an gclár bán le haghaidh piarmheasúnaithe
- Obair bhaile fuaime, ag baint leas as amhráin agus athghuthú
- Podchraoladh (le haghaidh Measúnuithe Rangbhunaithe) – is breá le daltaí an rialú agus an chruthaitheacht
- Físeán TikTok a chruthú den ghnáthamh maidine atá acu sa sprioctheanga, le ceol agus guthú curtha thairis
- Iarr ar na daltaí taifead fuaime de rólghlacadh a dhéanamh iad féin agus piarmheasúnú á dhéanamh air
- Leabhair Nótaí Ranga OneNote a úsáid – déanann daltaí taifead orthu féin nó cruthaíonn siad cur i láthair agus coimeádann siad iad ina bpunann phearsanta
- Podchraoladh scoile. Déanann foghlaimeoirí cur i láthair agus idirghníomhaíocht sa sprioctheanga, agus cuireann siad an scoil i láthair go dearfach do na scoileanna comhpháirtíochta ionchasacha i dtír na sprioctheanga
- Clár bán idirghníomhach
- Scéalchláir, cur i láthair PowerPoint, fís-aipeanna agus aipeanna deachtaithe
- Taifead fuaime a chruthú ina ndéanann tú cur síos ar do theach, do ghairdín, nó do dheasc.
- Ceol agus amhráin ar líne sa sprioctheanga
- Plotagon a úsáid chun carachtair fhíorúla a chruthú agus guth a thabhairt dóibh as Spáinnis.
- Agallamh podchraolta faoi thopaic amháin sa tSraith Shóisearach
- Sleamhnán Google a chruthú agus íomhá IS-ghinte de chaifé. Cur isteach naisc cheilte (arna n-ionadú ag poncanna) Nuair a chliceálann daltaí ar na naisc cheilte laistigh den chaifé, tugtar iad chuig suíomhanna gréasáin féin-threoraithe agus uathmheastóireachta le haghaidh bealaí spraíúla chun codanna éagsúla dá scileanna teanga a fheabhsú.
- Podchraoladh agus nuachtán scoile a bhunú le rannáin Nuatheangacha Iasachta
- Cruthaíonn daltaí a gcuid spléach-chártaí féin ag baint úsáid as Quizlet, nó tráth na gceist, chun dul siar a dhéanamh
- Scannáin a dhéanamh sa sprioctheanga
- Vocaroo le haghaidh cleachtadh ó bhéal
- Vlaganna a dhéanamh as Gearmáinis
- Voki – cruthaíonn daltaí a n-abhatár féin agus déanann siad taifead ar a nguth féin. D’úsáid mé le daltaí bhliain 1 é (iPadanna) chun cur i láthair bunúsach a dhéanamh fúthu féin. B’éigean don chuid eile den rang a thomhas cén duine a bhí i gceist!
- OneNote chun fís-chomhráite agus ‘comhráite gutháin’ agus Aussprache a thaifead
- iMovie a úsáid chun taifead, eagarthóireacht a dhéanamh ar fhíseán beolbheachtaithe i nuatheanga iasachta, agus é a fhoilsiú. Foghlaimíonn daltaí amhrán a bhfuil Spáinnis agus Fraincis ann, déanann siad liricí an amhráin a bheolbheachtú don cheamara. Cuirtear fuaim an amhráin leis an bhfíseán agus déantar í a shioncronú le bheith in am agus iad ag déanamh aithrise.
- An aip “TextingStory” a úsáid ar an nguthán chun teachtaireachtaí téacs a chlóscríobh as Fraincis agus as Gaeilge agus breathnaíonn na daltaí ar na teachtaireachtaí seo nuair a chlóscríobhtar iad ar an bhfíseán a thaispeántar ar an gclár bán
- Físeáin a chruthú ina ndéanann na daltaí cur síos ar a scoil nó a limistear áitiúil ar cheamara Déantar eagarthóireacht ar an bhfíseán le EdPuzzle agus cuirtear ceisteanna tuisceana isteach agus freagraíonn na daltaí maidir lena bhfuil siad ag éisteacht leis.
- Charlala, a ligeann do dhaltaí an rud a bhfuil tú ag déanamh cur síos air a tharraingt.
Achoimre ar na huirlisí agus aipeanna:
- Duolingo
- Prezi
- Kahoot
- Genially
- Picolage
- PowerPoint
- Google Slides
- Charlala
- iMovie
- OneNote
- Aipeanna cluichíochta sa sprioctheanga
- Voki
- Microsoft Forms
- EdPuzzle
- Vocaroo
- Uirlisí podchraolta
- Padlet
- Flipgrid
- Quizlet
- Wordwall
- Conjuguemos
- An aip Superhero
- TikTok
- Blooket
- Plotagon
- ChatGPT
- YouTube
Polasaí na Scoile um Úsáid Inghlactha
Agus uirlisí ar líne in úsáid agat sa seomra ranga, ní mór don úsáid sin a bheith i gcomhréir le Polasaí na scoile um Úsáid Inghlactha. Leis an bPolasaí um Úsáid Inghlactha, tugtar aghaidh ar úsáid slán, inghlactha agus fhreagrach an idirlín agus na dteicneolaíochta digití sa scoil. Le haghaidh níos mó eolas maidir le Polasaí scoile um Úsáid Inghlactha, lena n-áirítear gineadóir áisiúil don Pholasaí um Úsáid Inghlactha, tabhair cuairt ar https://www.webwise.ie/aup-2/