Skip to main content
AI for Schools Video Series page

Faigh amach an t-eolas is déanaí maidir le AI i gcomhthéacs oideachais trí fhéachaint ar ár sraith físeán AI do scoileanna. Áiríonn sé ionchuir ónár gcomhghleacaithe ar úsáidí éifeachtacha AI i suíomh oideachais, chomh maith le saineolaithe ón Ionad Adapt agus comhlachtaí saineolaithe eile maidir le IS.

Leideanna inrochtaineachta: Cas fotheidil ar siúl nó múch iad leis an gcnaipe CC. Faigh rochtain ar athscríbhinn trí Athscríbhinn a roghnú sa bharra seinm físeáin.


Cuireann an tOllamh Benjamin Cowan, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ball den Lárionad Adapt, forbhreathnú ar fáil ar an tírdhreach reatha a bhaineann le IS agus ar an tábhacht a bhaineann le daoine a bheith i gcroílár forbairtí IS, agus go múnlaímid féin é don todhchaí.

Féach ar fhíseán Benjamin Cowan.


Cuireann an tOllamh Colin de la Higuera ó Ollscoil Nantes agus cathaoirleach IS do Unesco, treoir ar fáil maidir le húsáid IS san oideachas, an chaoi a bhfuil sé in úsáid ag mic léinn cheana féin agus roinnt straitéisí do mhúinteoirí agus do scoileanna.

Féach ar fhíseán Colin de la Higuera.


Tugann Stephen Conmy, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus ball den Láronad Adapt, réamheolas ar IS, na buntáistí a bhaineann leis don tsochaí agus don oideachas agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus leagann sé amach an fáth a bhfuil sé tábhachtach ráillí cosanta a chur mórthimpeall agus í in úsáid againn.

Féach ar fhíseán Stephen Conmy.


Déanann João Camargo, mac léinn PhD san IS in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ball den Lárionad Adapt, cur síos ar phríomhbhreithnithe do mhúinteoirí a úsáideann IS agus an tábhacht a bhaineann lena n-ionchur i roghnú agus in oiriúnú an ábhair a ghintear le IS.

Féach ar fhíseán João Camargo.


Déanann Niall Larkin, Oide, cur síos ar chleachtais éifeachtacha in úsáid IS ar leibhéal bunscoile, lena n-áirítear úsáid IS chun idirdhealú a dhéanamh idir ábhar agus chun tacú le daltaí a bhfuil Béarla mar theanga Breise acu (BTB). Pléitear freisin úsáid IS chun ceachtanna a phleanáil.

Féach ar fhíseán ‘IS i mBunscoileanna’.


Déanann Shelly Nerney, Oide, cur síos ar úsáidí éifeachtacha IS giniúna in iar-bhunscoileanna, lena n-áirítear cruthú ‘trasfhoirmeoirí réamhthraenáilte giniúnacha saincheaptha’ agus úsáid IS chun rúibricí a chruthú. Leagann Shelly béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le pleanáil maidir le húsáid IS.

Féach ar fhíseán ‘IS in Iar-bhunscoileanna’.


Fill ar ais ar ár leathanach baile AI do Scoileanna.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.