Ag tosú amach leis an bpleanáil don fhoghlaim dhigiteach: Tionscadal Scoile BS Bhré
Achoimre ar an bhFíseán
Sa ghearrthóg seo, pléann an fhoireann ó Thionscadal Scoile Bhré na cúiseanna a bhí acu le páirt a ghlacadh i gCreat na Foghlama Digití, na réimse a ndíreoidh siad orthu sa phleanáil don fhoghlaim dhigiteach acu, agus na spriocanna atá acu. Féach ar fhíseáin an Chreata d’Fhoghlaim Dhigiteach ar ár gCainéal CFD tiomnaithe.
Cur Síos
Socraíonn an fhoireann díriú ar an CFD a úsáid chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann siad as an teicneolaíocht sa scoil. Ceannaíonn an scoil táibléid agus leagann siad sprioc amach do gach leibhéal ranga. Oibríonn na naíonáin le Book Creator chun leabhar a chruthú mar rang iomlán, úsáideann ranganna 1ú-4ú Explain Everything le bheith ag obair ar thionscadail agus díríonn na ranganna sinsearacha ar thaighde. Oibríonn múinteoirí le chéile chun an méid atá foghlamtha acu a roinnt agus chun measúnú a dhéanamh ar a ndul chun cinn.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Plean don Fhoghlaim Dhigiteach a Fhorbairt do do Scoil – Leagan Gairid
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch na Múinteoirí)
- 2 Oibríonn múinteoirí le chéile chun deiseanna foghlama a bheartú do dhaltaí ar fud an churaclaim agus níos faide
Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.