Skip to main content

Comhordú a dhéanamh ar Fhoghlaim Dhigiteach i Scoil na mBráithre Chríostaí Dhún Garbháin

Comhordú a dhéanamh ar Fhoghlaim Dhigiteach i Scoil na mBráithre Chríostaí Dhún Garbháin

Achoimre ar an bhFíseán 

Déanann Scoil na mBráithre Chríostaí Dhún Garbháin achoimre ar an gcaoi ina ndearna siad an fhoghlaim dhigiteach a chomhordú ina scoilse agus iad ag díriú ar réimsí amhail an Litearthacht Dhigiteach agus an Fhoghlaim Dhigiteach. Chuige sin, fuair siad tacaíocht ón bhFoireann um Fhoghlaim Dhigiteach de chuid Oide Technology in Education. Déanann siad achoimre ar an tacaíocht phraiticiúil agus na bearta a rinneadh lena chinntiú gur fheidhmigh bonneagar na scoile ar bhealach a thacaigh lena bPlean um Fhoghlaim Dhigiteach. 

Cur Síos 

Agus í ag múineadh i Scoil na mBráithre Chríostaí Dhún Garbháin, déanann Tara Whelan achoimre ar an gcaoi ina ndearna siad an fhoghlaim dhigiteach a chomhordú sa scoil agus iad ag díriú ar réimsí amhail an Litearthacht Dhigiteach agus an Fhoghlaim Dhigiteach. Chuige sin, fuair siad tacaíocht ón bhFoireann um Fhoghlaim Dhigiteach de chuid Oide Technology in Education. Déanann sí achoimre ar an tacaíocht phraiticiúil agus na bearta a rinneadh lena chinntiú gur fheidhmigh bonneagar na scoile ar bhealach a thacaigh lena bPlean um Fhoghlaim Dhigiteach. Chuige sin, scrúdaíodh caighdeán an Wifi agus na gléasanna a bhí ar fáil sa scoil, chomh maith le breisoiliúint a chur ar idir mhúinteoirí agus daltaí sna bogearraí a bhíonn á n-úsáid acu i bhfoirm seisiúin tacaíochta foirne ag am lóin agus tacaíochtaí ranga do dhaltaí. Tá Ceannairí Digiteacha Idirbhliana acu a thacaíonn le huirlisí digiteacha a bhainistiú sa scoil trí chéile. Cuireann córas lárnach TFC/bogearraí ar chumas ball foirne aon fhabhtanna a logáil agus, toisc go bhfuil teicneoir TF nasctha leis an bhfoirm seo, is féidir na fabhtanna céanna a réiteach go pras. Tá caidreamh á chothú le gníomhaireachtaí seachtracha le go dtiocfaidís isteach sa scoil agus gur féidir teagasc agus foghlaim speisialaithe a dhéanamh i réimsí amhail róbataic ar an gcaoi sin.  

Is féidir Cur Isteach ar Thacaíocht Scoile Leanúnach ó fhoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha de chuid Oide anseo: https://dms.oide.ie/support/login  

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu 

Féach ar ár leathan cúrsaí ar líne le teacht ar chúrsaí bainteach leis an ábhar seo. 

Físeáin teagaisc 

Taispeánfaidh na físeáin ghearra teagaisc seo a leanas duit conas aipeanna a úsáid atá le feiceáil san fhíseán: 

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach 

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD): 

Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora) 

1.1 Ráiteas: Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú chun torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach. 

  • Baineann daltaí leas as teicneolaíochtaí digiteacha chun fianaise a bhailiú agus taifead a dhéanamh den dhul chun cinn a dhéanann siad. 

2.2 Tugann idirghníomhaíochtaí agus eispéiris deis do na daltaí forbairt mar fhoghlaimeoirí ar bhealach dúshlánach ach tacúil fad is a fhéachtar chuige go léirítear meas ar a chéile agus iad i mbun sin. 

  • Féachtar chuige go mbíonn na idirghníomhaíochtaí digiteacha, idir na daltaí féin agus idir daltaí agus múinteoirí, measúil agus dearfach, chomh maith le bheith fabhrach don fholláine. 

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora) 

  • 2.1 Caighdeán: Tá údar ag daltaí agus gníomhaíochtaí foghlama fónta ar siúl acu.
    Baineann daltaí leas as teicneolaíochtaí digiteacha le teacht ar eolas agus le hé a mhalartú lena chéile d’fhonn cur lena dtuiscint agus le go mbeidh na huirlisí céanna mar thaca le buneolas a chruthú. 

Cleachtas na Múinteoirí ar Bhonn Aonair 

3.1 Caighdeán: Tá an t-eolas is gá ar an ábhar ag an múinteoir, chomh maith leis an eolas oideolaíoch agus na scileanna bainistíochta seomra ranga cuí 

Cleachtas Comhoibríoch na Múinteoirí 

4.1 Caighdeán: Tá meas ag múinteoirí ar an bhforbairt ghairmiúil agus ar an gcomhoibriú gairmiúil agus glacann siad páirt inti. 

4.4 Cuireann múinteoirí le cumas iomlán na foirne a fhorbairt trína gcuid saineolais a roinnt 

Téigh chuigPleanáil FD le breis eolais a fháil faoi na réimsí eile den CFD a chíortar san fhíseán seo, agus mar chabhair duit do chuid foghlama digití féin a phleanáil sa seomra ranga. 

, Iar-bhunscoileanna, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.