Skip to main content

Conas Tabhairt Faoi Thionscadal Traschuraclaim Dhigitigh

Achoimre ar an bhFíseán 

Agus í ag múineadh i Scoil Náisiúnta Buachaillí Mhuire na mBuanna, tugann Múinteoir Michelle Brady cuntas ar an leas a bhaineann sí as acmhainní digiteacha agus nithiúla éagsúla d’fhonn daltaí a mhealladh i mbun plé le hábhair ar bhealaí éagsúla. Chuige seo, cuireann sí uirlisí um ábhair a chruthú chun tairbhe agus gach duine ag obair i dteannta a chéile i spás tionscadail traschuraclaim.   

Cur Síos 

Úsáideann na daltaí a rogha rud d’uirlisí um ábhair a chruthú chun an fhoghlaim thraschuraclaim atá déanta acu le linn ceachtanna ar Stair, ar Thíreolaíocht agus ar Ealaín na hÉigipte agus na Sean-Éigipte a chur i lár an aonaigh. Cuireadh dúshlán dearaidh roimh na daltaí inar iarradh orthu pirimidí Giza dá gcuid féin a dhearadh agus a thógáil agus é leagtha síos mar choinníoll dóibh go gcaithfear a bheith in ann féachaint isteach iontu. Mar chuid den chur chuige tionscadail seo, ba faoi na daltaí a bhí sé na meáin a d’úsáidfidís a roghnú fad is a bhí leas á bhaint acu as Réaltacht Fhíorúil, podchraoltaí agus breathnú thart ar líne le taighde a dhéanamh. Agus an réamhobair seo déanta acu, thug siad faoina samhlacha a dhearadh agus a thógáil. Ar deireadh thiar, rinne siad machnamh faoin eispéireas foghlama a bhí acu ó thús deireadh.  

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu 

Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne le teacht ar chúrsaí bainteach leis an ábhar seo. 

Físeáin teagaisc 

Taispeánfaidh na físeáin ghearra teagaisc seo a leanas duit conas leas a bhaint as aipeanna a bhaineann le hábhar maidir leis an méid a pléadh san fhíseán: 

, Bunscoileanna, Coding, Collaboration, Computational Thinking, Content Creation, Online Resources, STEM

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.