Daltaí a spreagadh le tuiscint a bheith acu ar an gcibearbhulaíocht agus conas í a chosc
Forbhreathnú ar Fhíseán
Míníonn Celine McMahon, Coláiste Pobail na Sceirí, an tslí a spreagann an scoil daltaí le tuiscint a fháil ar an gcibearbhulaíocht agus conas í a chosc.
Cur Síos
Glacann daltaí páirt i gceacht cibearbhulaíochta atá dírithe ar chonas a bheith measúil ar líne. Breathnaíonn daltaí ar fhíseán Webwise Connected Chomh maith leis sin, comhoibríonn siad le Mentimeter ar chumarsáid mheasúil. Cuireann tráth na gceist Kahoot leis an bhfoghlaim maidir lena bhfuil ar eolas ag na páistí faoi chibearbhulaíocht. Déanann an múinteoir ranga cur síos ar an Yellow flag programme ina scoil le héagsúlacht agus ionchuimsiú a chur chun cinn. Straitéisí i bhfeidhm sa scoil seo lena n-áirítear Frithbhulaíocht/Seachtain um Shábháilteacht Dhigiteach, Lá um Shábháilteacht Dhigiteach chomh maith le cluichí club códaithe na scoile a dhéanamh ar chibearbhulaíocht.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Caith súil ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú a bhaineann leis an ábhar seo.
Físeáin Teagaisc
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (1 Torthaí D’fhoghlaimeoirí)
- 1. 1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí
Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)
- 2.2 Fásann daltaí mar fhoghlaimeoirí trí idirghníomhaíochtaí agus eispéiris mheasúla atá idir dhúshlánach agus thacúil
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.