Daonáireamh ar Scoil: uirlis le tacú le curaclam na Matamaitice
Achoimre ar an bhFíseán
Agallamh le Múinteoirí faoin úsáid a bhaintear as Daonáireamh ar Scoil le tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim sa Mhatamaitic. Pléann siad na buntáistí a bhaineann leis an uirlis bhunachair sonraí idirnáisiúnta seo a shníomh isteach ina gcuid ranganna, go háirithe agus iad ag díriú ar an dóchúlacht nó ar staitisticí. Léiríonn siad an múr mór acmhainní atá ar fáil do mhúinteoirí agus an Mhatamaitic Fheidhmeach á múineadh acu.
Cur Síos
Pléann múinteoir meánscoile ‘Daonáireamh ar Scoil’ agus a áit sa seomra ranga. Is féidir le daltaí sonraí a chur isteach ar an suíomh gréasáin do dhaltaí ar fud an domhain chun rochtain a fháil ar na staitisticí agus ar na sonraí dá bhfoghlaim agus díreach chun féachaint orthu. Is féidir féachaint ar na topaicí matamaitice de dhóchúlacht agus staitisticí ar an suíomh gréasáin seo trí staitisticí a thaispeáint. Tacaíonn an Fhoireann Forbartha Tionscadal Mata le húsáid ‘Daonáireamh ar Scoil’ toisc go gcuireann sé ar chumas foghlaimeoirí na topaicí a fheiceáil i gcomhthéacsanna cuí, sa fíorshaol. Féachann ceardlanna 5 agus 10 ar shuíomh gréasáin Tionscadal Mata air seo ar bhealach níos mionsonraithe do mhúinteoirí. Tá réimse ábhar eile ann le heolas agus bileoga oibre, amhail tíreolaíocht agus OSSP. Oibríonn daltaí i ngrúpaí beaga agus úsáideann siad an ríomhaire glúine chun an t-eolas agus na sonraí a aimsiú ar an suíomh gréasáin. Is féidir le daltaí na sonraí a úsáid freisin chun féinmheasúnú a dhéanamh agus chun freagraí ar cheisteanna a mbíonn siad ag streachailt leo a oibriú amach go neamhspleách. Is féidir rochtain a fháil ar eolas ag baint úsáide as iPadanna muna bhfuil ríomhairí glúine ar fáil. Toisc go gcruthaíonn daltaí ar fud an domhain na sonraí agus na staitisticí, éiríonn an taithí foghlama níos réadúla agus tugann sé comhthéacs cruinn don fhoghlaim.
Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu
Plean don Fhoghlaim Dhigiteach a Fhorbairt do do Scoil – Leagan Gairid
Creat don Fhoghlaim Dhigiteach
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):
Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)
- 1.3 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealaí an-éifeachtach chun a gcuid eolas, scileanna agus tuiscint a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí ábhair, torthaí foghlama, scileanna agus coincheapa Churaclam na Bunscoile.
Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)
- 2.1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun faisnéis a aimsiú agus a mhalartú
Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.