Ealaín Choláiste Bríde & TFC
Forbhreathnú ar Fhíseán
Baineann Múinteoir úsáid as amharcléiritheoir le cabhrú le múineadh na hEalaíne. Baineann sí úsáid as an amharléiritheoir le taispeántais a shruthú agus a thaifeadadh dá rang. Spreagann an múinteoir úsáid na meán sóisialta le taighde a bhailiú ós rud é go bhfuil taithí ag na daltaí ar na hacmhainní sin. Cuireann TFC difreáil agus tacaíocht ar fáil do dhaltaí chomh maith.
Cur Síos
Labhraíonn múinteoir ealaíne faoi na buntáistí a bhaineann le TFC i gcúrsaí ealaíne. Úsáideann an múinteoir amharcléiritheoir chun na teicnící éagsúla a thaispeáint agus a chur in iúl. Is féidir líníochtaí a thaifeadadh agus a shábháil chun iad a thaispeáint do na scoláirí arís. Úsáidtear teilgeoir chun pictiúir shamplacha a thaispeáint agus íomhánna comparáide a thaispeáint ach Pinterest a úsáid. Úsáideann na scoláirí iPads chun féachaint ar Pinterest. Molann an múinteoir aipeanna a úsáid a bhfuil eolas ag na scoláirí orthu, mar shampla Pinterest agus Instagram, chun na ceachtanna a dhéanamh níos spreagúla.
Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu
Using Video to Enhance and Create Resources (Post Primary)
Físeáin Teagaisc
An Creat Foghlama Digití
Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):
Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)
- 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche
Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.