Skip to main content

IS a thabhairt isteach sa Seomra Ranga Iar-bhunscoile

Achoimre ar an bhFíseán

Pléann an fhoireann agus daltaí ag Coláiste Déaglán, an Chabrach, comhtháthú uirlisí intleachta saorga (IS) le hoideachas. Tá an bhéim ar úsáid IS atá freagrach a chothú i measc daltaí agus aghaidh a thabhairt ar ról IS atá ag forbairt i dteagasc agus i bhfoghlaim.

Cur Síos

Cuireann múinteoir Shannon Ahern síos ar conas a chuaigh siad i ngleic le tabhairt isteach IS sa scoil agus an fhoireann agus daltaí ag obair le chéile chun foghlaim faoi IS i dteagasc agus i bhfoghlaim. Pléann sí an dóigh a gcomhroinneann an fhoireann eolas le piaraí agus an dóigh a meallann siad daltaí le bheith rannpháirteach i bplé faoi acmhainn IS agus faoina lochtanna d’fhonn na scileanna a thabhairt dóibh IS a úsáid go freagrach ina ngairmeacha amach anseo.

Cuireann na daltaí síos ar thábhacht na smaointeoireachta criticiúla agus seiceála fíricí agus IS á húsáid acu chomh maith leis an dóigh ar féidir IS a úsáid le haghaidh foghlaim shainoiriúnaithe, amhail coincheapa casta a mhiondealú, tobsmaointeoireacht, agus tuiscint a fhorlíonadh.

Cúrsaí a d’fhéadfadh bheith ina n-ábhair spéise duit

  • IS do scoileanna

https://www.oidetechnologyineducation.ie/onlinecourses/ai-for-schools/

Seiceáil ár leathanach faoi chúrsaí ar líne chun cúrsaí a aimsiú atá ábhartha don ábhar seo.

 

Mol IS i Scoileanna

Tabhair cuairt ar ár Mol IS i Scoileanna chun faisnéis bhreise agus acmhainní a fháil le haghaidh IS a úsáid ar scoil.

https://www.oidetechnologyineducation.ie/artificial-intelligence-in-schools/

 

An Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora)

  • 1. Baineann na daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad spreagtha chun foghlama agus bíonn siad ag súil le gnóthú mar fhoghlaimeoirí

Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha iomchuí chun rannpháirtíocht ghníomhach a chothú chun torthaí foghlama iomchuí a bhaint amach.

Baineann daltaí leas as teicneolaíochtaí digiteacha chun fianaise a bhailiú agus taifead a dhéanamh den dul chun cinn a dhéanann siad.

  • 2 Tá an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí atá riachtanach ag daltaí chun iad féin agus a gcaidrimh a thuiscint

Tá dearcadh dearfach ag scoláirí i leith úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha agus tá siad feasach ar rioscaí agus ar lochtanna a d’fhéadfadh a bheith ann.

Tuigeann na dalta na contúirtí agus na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann i dtimpeallachtaí digiteacha.

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 1 Glacann daltaí páirt ar dhóigh fhóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama fiúntacha.

Baineann daltaí úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha le haghaidh faisnéis a fhoinsiú agus a mhalartú d’fhonn cur lena dtuiscint agus chun tacú le cruthú an bhuneolais.

 

Tabhair cuairt arPleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar réimsí eile CFD atá tacaithe san fhíseán seo, agus chun cuidiú leat pleanáil a dhéanamh don fhoghlaim dhigiteach i do rang.

 

, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Content Creation, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.