Skip to main content

Múinteoirí ag roinnt cleachta agus ár bhfís do ríomhphunanna

Achoimre ar an bhFíseán

Míníonn príomhoide scoile an chaoi a oibríonn imeascadh TFC ina scoil. Tá tralaí ríomhaire glúine ag an scoil le roinnt idir na ranganna, agus CBI i ngach seomra ranga. Baineann an scoil úsáid as Google Apps le roinnt idir múinteoirí. Éascaíonn ríomhphunanna measúnú na múinteoirí agus piarmheasúnú.

Cur Síos

Breathnaíonn bunscoil mhór ar an úsáid a bhaineann siad as TFC don teagasc agus don fhoghlaim. Tá clár bán idirghníomhach ag gach rang, agus táthar ag súil le TFC a leathnú trí thralaithe ríomhairí glúine a fháil lena n-úsáid ag na daltaí. Tá sé mar aidhm ag na scoileanna a bplean ríomhfhoghlama a fhorbairt, leis na múinteoirí atá ag iarraidh TFC a chur i bhfeidhm sa teagasc agus san fhoghlaim chun an scoil a stiúradh sa treo seo. Ligeann Google Apps for Education do mhúinteoirí doiciméid, féilirí agus tiomántáin roinnte a roinnt lena chéile chun comhoibriú ar fhorbairt ábhair. Tá sé mar aidhm ag an scoil ríomhphunanna a chur i bhfeidhm chun obair na ndaltaí a thaifeadadh i rith na scoilbhliana. Tabharfaidh sé seo deis do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí féachaint ar an áit a raibh dalta ina c(h)uid foghlama agus cé chomh fada is atá dul chun cinn déanta acu a fháil amach. Is féidir le daltaí úsáid a bhaint as ríomhphunanna chun féachaint ar obair na gcomhscoláirí ar mhaithe le piarmheasúnú a dhéanamh de réir mar is cuí. Is mian leis an scoil seo daltaí a spreagadh chun an nasc idir úsáid TFC sa bhaile agus úsáid TFC sa scoil a fheiceáil, le foghlaim mar thosaíocht acu. Baineann múinteoirí tairbhe as na cúrsaí samhraidh TFC a chuireann SFGM ar fáil, rud a fhágann gur féidir leo teagasc agus foghlaim a fheabhsú do na daltaí.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Seo chugaibh Punanna Digiteacha (Bunscoileanna)

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)

  • 4 Baineann daltaí na cuspóirí foghlama atá luaite amach don téarma agus don bhliain

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 2 Fásann daltaí mar fhoghlaimeoirí trí idirghníomhaíochtaí agus eispéiris mheasúla atá dúshlánach agus tacúil.
  • 3 Déanann daltaí machnamh ar a bhforás mar fhoghlaimeoirí agus forbraíonn siad mothú úinéireachta agus freagrachta as a gcuid foghlama

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Ceannaireacht agus Bainistíocht, Bunscoileanna

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.